Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 2:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ. An té ḃeireas buaiḋ, do‐ḃéarfad dó‐san toraḋ le n’iṫe de ċrann na beaṫaḋ atá i bpárrṫas Dé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 An tí agá ḃfuil clúas, éisdeaḋ sé créd a deir an Spiorad ris na heagluisiḋiḃ; Do ḃéura mé don tí ḃeireas buáiḋ, ní ré a iṫe do ċrann na beaṫa, noċ atá a meaḋón ṗárrṫais Dé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 2:7
36 Iomraidhean Croise  

An té ag a ḃfuil cluasa ċum éisteaċta, éisteaḋ sé.


Annsin béiḋ na fíréin ag soillsiú ar nós na gréine i ríoġaċt a nAṫar. An té ag a ḃfuil cluasa ċum éisteaċta, éisteaḋ sé.


An té ag a ḃfuil cluasa ċum éisteaċta, éisteaḋ sé.


Agus aduḃairt sé, An té ag a ḃfuil cluasa ċum éisteaċta, éisteaḋ sé.


Ní ḟuil niḋ ar biṫ ar an taoḃ amuiġ de’n duine, ṫéiġeas isteaċ ann, ḟéadas a ṡalú: aċt na neiṫe ṫig amaċ as an duine, is iad sin na neiṫe ṡaluiġeas an duine.


Má atá cluasa ċum éisteaċta ag aoinneaċ, éisteaḋ sé.


Agus aduḃairt seisean leis, Go fírinneaċ adeirim leat, Béiḋ tú im’ ḟoċair‐se indiu i bPárrṫas.


Agus do ṫuit cuid eile ar an talaṁ maiṫ, agus d’ḟás sé, agus ṫug sé toraḋ uaiḋ, fá ċéad. Nuair aduḃairt sé an méid sin, do ġlaoḋ sé amaċ, An té ag a ḃfuil cluasa ċum éisteaċta, éisteaḋ sé.


Aduḃairt mé an méid sin liḃ, ċum go mbéaḋ síoṫċáin agaiḃ ionnam‐sa. Ata anró oraiḃ sa tsaoġal so: aċt bíoḋ meisneaċ agaiḃ; atá buaiḋte agam‐sa ar an saoġal.


Aċt do noċt Dia ḋúinne tríd an Spiorad iad: óir scrúduiġeann an Spiorad an uile niḋ, go fiú neiṫe doiṁne Dé.


gur fuaduiġeaḋ é suas go Párrṫas, agus go gcuala sé briaṫra do‐innste, naċ cuiḃe do’n duine d’aiṫris.


Atáim ag scríoḃaḋ ċugaiḃ‐se, a aiṫreaċa, de ḃriġ go ḃfuil aiṫne agaiḃ ar an té atá ann ó ṫús. Atáim ag scríoḃaḋ ċugaiḃ‐se, a ḟeara óga, de ḃriġ go ḃfuil buaiḋte agaiḃ ar an ainspioraid. Do scríoḃas ċugaiḃ‐se, a ċlann ḃeag, de ḃriġ go ḃfuil aiṫne agaiḃ ar an Aṫair.


Aoinneaċ go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé.


Agus do ċualas glór ó neaṁ, g‐á ráḋ, Scríoḃ, Is beannuiġṫe na mairḃ do‐ġeiḃ bás san Tiġearna ó’n am so feasta: Is eaḋ, adeir an Spiorad, ċum go ḃfaiġiḋ siad suaiṁneas ó n‐a saoṫar; óir leanann a ngníoṁarṫa iad.


Agus do ċonnacas mar ḃéaḋ fairrge ġloine, agus í meascṫa le teiniḋ; agus iad‐san ṫáinig go buaḋaċ ó’n ainṁiḋe, agus ó n‐a íoṁáiġ, agus ó uiṁir a ainme, ’n‐a seasaṁ le h‐ais na fairrge gloine, agus cláirseaċa Dé aca.


An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ. An té ḃeireas buaiḋ, ní ḃfaiġiḋ sé doċar ó’n dara bás.


An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ. An té ḃeireas buaiḋ, do‐ḃéarfad dó‐san cuid de’n ṁanna foluiġṫe, agus do‐ḃéarfad ḋó cloċ ġeal, agus ainm nua scríoḃṫa ar an gcloiċ, naċ ḃfuil eolas air ag aoinneaċ, aċt ag an té ġeiḃeas í.


An té ḃeireas buaiḋ, béiḋ sé ’n‐a oiḋre ar na neiṫiḃ seo: agus béiḋead mar Ḋia aige, agus béiḋ seisean mar ṁac agam‐sa.


Is beannuiġṫe na daoine niġeas a róbaí, ċum go mbéiḋ cead ċum crainn na beaṫaḋ aca, agus go raċaiḋ siad ṫar na geataiḃ isteaċ san gcaṫair.


Agus adeir an Spiorad agus an ḃean óg nua‐ṗósta, Tar. Agus an té éisteas, abraḋ sé, Tar. Agus an té go ḃfuil tart air, tagaḋ sé: an té gur ab áil leis é, glacaḋ sé uisce na beaṫaḋ i n‐aisce.


Agus i lár na sráide, ar gaċ taoḃ de’n aḃainn, do ḃí crann na beaṫaḋ, do‐ḃeireaḋ ḋá ṫoraḋ déag, ag taḃairt a ṫorṫa uaiḋ uair san mí: agus d’ḟóġain duilleaḃar an ċrainn ċum na ciniḋeaċa do leiġeas.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan