Is dual dúinn buiḋeaċas do ṫaḃairt go síor, do Ḋia ar ḃur son‐sa, a ḃráiṫre, mar is cuiḃe, de ḃriġ go ḃfuil ḃur gcreideaṁ ag dul i neart, agus gráḋ gaċ duine agaiḃ d’á ċéile ag méadú go mór;
Aċt atá beagán agam le ráḋ it’ aġaiḋ, de ḃriġ go ḃfuil annsin agat cuid de’n dream leanas de ṫeagasc Ḃaláaim, an té do ṁúin do Ḃalac ceap tuisliḋ do ċur roiṁ ċlainn Israel, ċum neiṫe do ḃí íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ d’iṫe, agus ċum striapaċas do ċleaċtaḋ.
Aċt atá an méid seo agam it’ aġaiḋ, go ḃfulaingeann tú an ḃean Iesebel, adeir gur ban‐ḟáiḋ í féin; agus múineann agus mealann sí mo ṡeirḃísiġ ċum striapaċas do ċleaċtaḋ, agus ċum neiṫe atá íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ d’iṫe.