Agus atá briaṫar na tarngaire níos daingne go mór againn; agus ba ċeart daoiḃ aire do ṫaḃairt dó, mar ṫiuḃraḋ siḃ do lóċrann ag soillsiú i n‐áit dorċa, nó go ngealaiḋ an lá, agus go n‐éiriġiḋ réalta na maidne ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ:
A ċáirde ionṁaine, atáimid ’n‐ár gclainn Dé anois, agus níor foillsiġeaḋ fós créad atá i ndán dúinn. Atá a ḟios againn, nuair foillseoċar é, go mbéiḋmíd cosṁail leis; óir ċífimíd é do réir mar tá sé.