Agus d’éiriġ duine aca darḃ ainm Agabus, agus ṫug sé le tuigsin dóiḃ tríd an Spiorad go raiḃ gorta ṁór le teaċt ar an saoġal uile, rud ṫáinig ċum críċe i n‐aimsir Ċlaudiuis.
D’á ḃriġ sin ná taḃraiḋ breiṫeaṁnas i gcúis ar biṫ roiṁ an am, nó go dtagiḋ an Tiġearna ḃéarfas ċum an tsolais neiṫe atá foluiġṫe fá ḋorċadas, agus noċtfas rúin na gcroiḋṫe; annsin ġeoḃas gaċ duine a ṁolaḋ féin ó Ḋia.
aċt is aṁlaiḋ atá Críost mar Ṁac os cionn tiġe Dé; agus is sinne a ṫeaċ‐san, aċt ár muiniġin agus an dóċas atá mar aḋḃar glóire againn do ċongḃáil go daingean go deireaḋ.
Aċt tiocfaiḋ lá an Tiġearna mar ġadaiḋe; imṫeoċaiḋ na spéarṫa le torann mór an lá úd, agus scriosfar na dúla le dian‐teas loiscneaċ, agus dóiġfear an talaṁ agus na h‐oibreaċa atá ann.
Féaċ, atá sé ag teaċt leis na néalltaiḃ; agus ċífiḋ gaċ súil é, agus an dream do rop é; agus caoinfiḋ treaḃa uile an doṁain d’á ḃárr. Mar sin ḃéas. Amen.
Cuiṁniġ, d’á ḃriġ sin, ar a ḃfuarais agus ar a gcualais, agus congḃuiġ é, agus déan aiṫriġe. Aċt muna ndéanair faire, tiocfad‐sa ar nós gadaiḋe, gan a ḟios agat cia an uair ṫiocfad ort.