Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 2:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Is eol dom t’oibreaċa, agus do ṡaoṫar, agus t’ḟoiġid, agus is eol dom naċ féidir leat droċ‐ḋaoine d’ḟulang, agus gur ḟroṁais an dream ġlaoḋas abstail orṫa féin, agus naċ eaḋ, agus go ḃfuarais bréagaċ iad:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 As aiṫniḋ ḋaṁ hoibreaċa, agus do ṡáoṫar, agus ṫfoiġid, agus náċ éidir leaċd iomċar ris na droċḋáoiniḃ: agus gur ḋearḃ tú an dream a deir gur ab apsduil íad féin, agus naċ eaḋ, agus fuáir tú breúgaċ íad:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 2:2
21 Iomraidhean Croise  

Agus annsin dearḃóċad‐sa ḋóiḃ, Ní raiḃ aon aiṫne agam oraiḃ riaṁ: imṫiġiḋ uaim, a luċt déanta an uilc.


G‐á ṫriail aduḃairt sé sin: óir do ḃí a ḟios aige féin créad do‐ġéanaḋ sé.


ní h‐é gur soiscéal eile é: aċt go ḃfuil dream áiriṫe ann atá ag déanaṁ buaiḋearṫ a ḋaoiḃ, agus gur mian leo soiscéal Ċríost do ċur bun os cionn.


ċum miosúir áirde iomláine Críost: ionnas naċ mbéidmíd feasta ’n‐ár leanḃaiḃ, d’ár luascaḋ siar, aniar, d’ár scuabaḋ ċum siuḃail ag gaċ gaoiṫ teagaisc, ag cleasaiḋeaċt luċt ceilge, ag a gclisteaċt ċum mealltóireaċta:


ag síor‐ċuiṁneaṁ ar ḃur ngníoṁarṫaiḃ creidiṁ, agus ar ḃur saoṫar carṫannaċta, agus ar ḃur ndóċas foiḋneaċ as ár dTiġearna Íosa Críost, i ḃfiaḋnaise ár nDé agus ár nAṫar.


froṁaiḋ gaċ aon niḋ; greamuíġiḋ go daingean ḋá ḃḟuil maiṫ;


Cibé ar biṫ é, fanann bun daingean Dé go seasṁaċ, agus an séala so air: Is eol do’n Tiġearna a ṁuinntear féin; agus, Gaċ aoinneaċ ainmniġeas ainm an Tiġearna, tréigeaḋ sé an éagcóir.


óir ní ḟuil Dia éagcóraċ go ndéanfaḋ sé dearmad ar ḃur saoṫar agus ar an ngráḋ do ṫaisbeáin siḃ d’á ainm, mar rinne siḃ frioṫáileaṁ ar na naoṁaiḃ, agus mar ġníonn siḃ fós.


A ċáirde ionṁaine, ná creidiḋ gaċ aon spiorad, aċt déanaiḋ froṁaḋ ar na spioraidiḃ, d’ḟéaċain an ó Ḋia atáid: de ḃriġ go ḃfuil a lán fáiḋe bréige imṫiġṫe amaċ san tsaoġal.


Ċuiṁniġ, d’á ḃriġ sin, ar an áirde ó n‐ar ṫuitis, agus déan aiṫriġe, agus déan do ċéad‐oibreaċa; nó tiocfad‐sa ċugat, agus aistreoċad do ċoinnleoir as a ionad, muna ndéanaiḋ tú aiṫriġe.


Aċt atá an méid seo agat, go ḃfuil gráin agat ar oibreaċaiḃ na Niocaláiteaċ, ar a ḃfuil gráin agam‐sa, mar an gcéadna.


Is eol dom t’anró, agus do ḃoċtaine (aċt atáir saiḋḃir), agus maslú an dreama adeir gur Iúdaiġ iad, agus naċ eaḋ, aċt gur sionagóg Ṡátain iad.


Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i Sárdis; Is é adeir an té go ḃfuil seaċt Spioraídí Dé aige, agus na seaċt réaltana: Is eol dom t’oibreaċa, agus go ḃfuilir i n‐ainm ḃeiṫ beo, aċt gur marḃ atáir.


Is eol dom t’oibreaċa, naċ ḃfuil tú fuar ná te; dob’ ḟearr liom ṫú ḃeiṫ fuar nó te.


Is eol dom t’oibreaċa (féaċ, atá doras foscailte curṫa agam róṁat, agus ní ḟéadann aoinneaċ a ḋúnaḋ), de ḃriġ go ḃfuil beagán cuṁaċta agat, agus gur ċoiṁeádais mo ḃriaṫar, agus nár ṡéanais m’ainm.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan