Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 2:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Déan aiṫriġe, d’á ḃriġ sin, nó tiocfad‐sa ċugat go luaṫ, agus troidfead ’n‐a h‐aġaiḋ le claiḋeaṁ mo ḃéil.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Déun aiṫriġe; nó tiucfa mé ort go haiṫġéarr, agus troidfead ríu ré cloiḋeaṁ mo ḃéil.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 2:16
15 Iomraidhean Croise  

Agus glacaiḋ clogad an tslánuiġṫe, agus claiḋeaṁ an Spioraid, is é sin briaṫar Dé:


Annsin is eaḋ foillseoċar an duine míriaġalta go marḃóċaiḋ an Tiġearna Íosa le h‐anáil a ḃéil é, agus go scriosfaiḋ sé le n‐a ṫeaċt agus le n‐a ṫaiḋḃsiú é.


Agus do ḃí aige ’n‐a láiṁ ḋeis seaċt réaltana: agus do ḃí claiḋeaṁ géar ḋá‐ḟaoḃar ar síneaḋ as a ḃéal; agus do ḃí a ġnúis mar ḃéaḋ an ġrian ag lonnraḋ ’n‐a lán‐neart.


Agus do ḃí na daoine d’á loscaḋ le dian‐teas mór, agus do ṁasluiġeadar ainm an Dé go raiḃ smaċt ar na pláiġeannaiḃ seo aige; agus ní ḋearnadar aiṫriġe ċum glóir do ṫaḃairt dó.


Agus atá claiḋeaṁ géar ar síneaḋ as a ḃéal, ċum na ciniḋeaċa do ḃualaḋ leis, agus riaġlóċaiḋ sé le slait iarainn iad: agus satalóċaiḋ sé d’á ċois iomar fíona dian‐ḟeirge Dé Uile‐ċuṁaċtaiġ.


Agus do marḃaḋ an ċuid eile ḋíoḃ leis an gclaiḋeaṁ do ḃí ar síneaḋ as béal an té do ḃí ar muin an eiċ: agus d’iṫ na h‐éanlaiṫe go léir a sáiṫ d’á ḃfeoil.


Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i bPergamum; Is é adeir an té go ḃfuil an claiḋeaṁ géar ḋá‐ḟaoḃar aige:


Ċuiṁniġ, d’á ḃriġ sin, ar an áirde ó n‐ar ṫuitis, agus déan aiṫriġe, agus déan do ċéad‐oibreaċa; nó tiocfad‐sa ċugat, agus aistreoċad do ċoinnleoir as a ionad, muna ndéanaiḋ tú aiṫriġe.


An té atá ’n‐a ḟiaḋnaiḋe ar na neiṫiḃ seo, adeir sé, Is aṁlaiḋ atá: atáim ag teaċt go luaṫ. Amen: tar, a Ṫiġearna Íosa.


Agus féaċ, atáim ag teaċt go luaṫ. Is aoiḃinn do’n té ċoiṁeádas briaṫra tarngaireaċta an leaḃair seo.


An méid is ionṁain liom, do‐ḃeirim aċṁusán dóiḃ agus smaċtuiġim iad: bí‐se dúṫraċtaċ d’á ḃriġ sin, agus déan aiṫriġe.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan