Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 2:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Is eol dom t’áit ċóṁnuiġṫe, mar a ḃfuil riġ‐ċaṫaoir Ṡátain: agus greamuiġeann tú dem’ ainm‐se, agus níor ṡéanais mo ċreideaṁ i laeṫiḃ Antipais féin, m’ḟiaḋnaiḋe dílis do marḃaḋ ’n‐ḃur measc, san áit ’n‐a ḃfuil Sátan ’n‐a ċóṁnaiḋe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 As aiṫniḋ ḋaṁ hoibreaċa, agus hionad coṁnuiġe, a náit a ḃfuil ardċaṫáoir Ṡátain: agus coiṁéudann tú mainmse, agus níor ṡéun tú mo ċreideaṁ, sna laeṫiḃ fós ionar marḃaḋ Antipas mfíaḋnuise ḟíre, eadruiḃse, sa nionad na ḃfuil Sátan na ċoṁnuiġe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 2:13
27 Iomraidhean Croise  

Aċ nuair déanfar géir‐leanaṁain oraiḃ i n‐aon ċaṫair, teiċiḋ isteaċ sa gcéad ċaṫair eile: óir adeirim liḃ go fírinneaċ, Ní ḃéiḋ deireaḋ ḃúr dturais i gcaṫraċaiḃ Israel déanta agaiḃ sara dtiocfaiḋ Mac an Duine.


Annsin do‐ḃéarfaiḋ siad ċum géir‐leanaṁna siḃ, agus marḃóċaiḋ siad siḃ: agus béiḋ fuaṫ ag na ciniḋeaċaiḃ go léir daoiḃ mar ġeall ar m’ainm‐se.


agus mé d’aḋraḋ. Annsin aduḃairt Íosa leis, Imṫiġ, a Ṡátain: óir atá scríoḃṫa, Aḋarfaiḋ tú do Ṫiġearna Dia, agus is dó‐san aṁáin do, ġéanaiḋ tú seirḃís.


Agus béiḋ fuaṫ ag gaċ uile ḋuine ḋaoiḃ ar son m’anma.


agus nuair do ḃí fuil Stiofáin, t’ḟiaḋnaiḋe, d’á doirteaḋ, do ḃíos‐sa im’ ṡeasaṁ i láṫair, ag aontaḋ leo, agus ag coiṁéad éadaiġe na ndaoine do ḃí g‐á ṁarḃaḋ.


agus atá uġdarás aige annso ó uaċtaránaiḃ na sagart ċum na daoine ġlaoḋas ar t’ainm do ġaḃáil.


froṁaiḋ gaċ aon niḋ; greamuíġiḋ go daingean ḋá ḃḟuil maiṫ;


Aċt muna ndéanaiḋ duine soláṫar d’á ṁuinntir féin, d’á líon tiġe féin, go h‐áiriṫe, atá an creideaṁ tréigṫe aige,


Congḃuiġ go daingean sompla na mbriaṫar maiṫ do ċualais uaim, san gcreideaṁ agus san ngráḋ atá i nÍosa Críost.


má ṡeasaimíd go dian, riaġlóċaimíd i n‐éinḟeaċt leis: má ṡéanaimíd é, séanfaiḋ seisean sinne, leis:


coiṁeádaimís go daingean an dóċas adṁuiġmíd ċum naċ lagaiḋ sé; óir is dílis an té ṫug an ġeallaṁain:


aċt is aṁlaiḋ atá Críost mar Ṁac os cionn tiġe Dé; agus is sinne a ṫeaċ‐san, aċt ár muiniġin agus an dóċas atá mar aḋḃar glóire againn do ċongḃáil go daingean go deireaḋ.


Naċ iad do‐ḃeir masla do’n ainm uasal as a n‐ainmniġtear siḃ?


agus ó Íosa Críost, an fiaḋnaiḋe fírinneaċ, an ċéid‐ġein ó na marḃaiḃ, agus árd‐rí riġṫe na talṁan. Do’n té ġráḋuiġeas sinn, agus do scaoil ó n‐ár bpeacaiḋiḃ le n‐a ḟuil féin sinn;


Agus do‐ḃéarfad de ċead dom’ ḃeirt ḟiaḋnaiḋe tarngaireaċt do ḋéanaṁ ar feaḋ míle, ḋá ċéad agus trí fiċid lá, agus éadaċ róin mar ċlúdaċ orṫa.


Agus rugadar buaiḋ air tré ḟuil an Uain, agus tré ḃriaṫar a ḃfiaḋnaise: agus níor ċuireadar suim ’na n‐anam go dtí an bás féin.


Agus an t‐ainṁiḋe do ċonnacas, do ḃí sé cosṁail le liobard, agus ḃí a ċosa cosṁail le cosaiḃ maṫġaṁna, agus ḃí a ḃéal cosṁail le béal leoṁain: agus ṫug an dragún a neart, agus a árd‐ċaṫaoir, agus cuṁaċt ṁór dó.


Annso is eaḋ atá foiġid na naoṁ, luċt ċoiṁeádta aiṫeanta Dé agus creidiṁ Íosa.


Cuirfiḋ siad cogaḋ ar an Uan, agus buaiḋfiḋ an tUan orṫa, óir is é Tiġearna na dtiġearna agus Rí na riġṫe é: agus buaiḋfiḋ siad‐san atá i n‐éinḟeaċt leis: do glaoḋaḋ, agus do toġaḋ iad, agus tá siad dílis.


Agus do ċonnacas an ḃean ar meisce le fuil na naoṁ, agus le fuil mairtíreaċ Íosa. Agus ag aṁarc dom uirṫi, ṫáinig árd‐iongnaḋ orm.


Is eol dom t’oibreaċa, agus do ṡaoṫar, agus t’ḟoiġid, agus is eol dom naċ féidir leat droċ‐ḋaoine d’ḟulang, agus gur ḟroṁais an dream ġlaoḋas abstail orṫa féin, agus naċ eaḋ, agus go ḃfuarais bréagaċ iad:


Atáim ag teaċt go luaṫ; congḃuiġ a ḃfuil agat, ċum naċ mbainfiḋ aoinneaċ do ċoróin díot.


Cuiṁniġ, d’á ḃriġ sin, ar a ḃfuarais agus ar a gcualais, agus congḃuiġ é, agus déan aiṫriġe. Aċt muna ndéanair faire, tiocfad‐sa ar nós gadaiḋe, gan a ḟios agat cia an uair ṫiocfad ort.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan