Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 19:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Agus na sluaiġte atá ar neaṁ do ḃíodar g‐á leanṁain ar éaċaiḃ bána, agus iad clúduiġṫe le línéadaċ mín‐ġeal, glan‐úr.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus do leanadar slóiġ neiṁe é air éaċuiḃ bána, ar na néuduġaḋ do líneudaċ toġṫa, gléiġeal glan.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 19:14
18 Iomraidhean Croise  

Innisiḋ d’inġin Ṡíoin, Féaċ, atá do Rí ag teaċt ċugat, Go ceannsa, ar muin asail, Agus ar ḃromaċ, searraċ asail.


Nó an measann tú naċ féidir liom glaoḋaċ ar m’Aṫair, agus cuirfiḋ sé ċugam anois díreaċ tuilleaḋ agus ḋá léigiún déag d’aingliḃ?


Agus do ḃí a ġnúis mar an teintreaċ, agus do ḃí a éadaiġe ċoṁ geal leis an sneaċta:


agus suaiṁneas i n‐éinḟeaċt linne do ṫaḃairt daoiḃ‐se, nuair foillseoċar an Tiġearna Íosa ó neaṁ, mar aon le h‐aingliḃ a ċuṁaċta,


Is d’á leiṫéidiḃ sin do rinne Énoċ, duine de’n seaċtṁaḋ glún ó Áḋaṁ, tarngaireaċt, g‐á ráḋ, Féaċ, atá an Tiġearna tagṫa leis na míltiḃ móra d’á naoṁaiḃ,


Agus do ḋearcas, agus féaċ, an tUan ’n‐a ṡeasaṁ ar ċnoc Síoin, agus céad ceaṫrar agus dá ḟiċid míle duine ’n‐a ḟoċair, agus a ainm‐sean agus ainm a Aṫar scríoḃṫa ar ċláraiḃ a n‐éadain.


Agus do sataluiġeaḋ an t‐iomar taoḃ amuiġ de’n ċaṫair, agus ṫáinig fuil amaċ ó’n iomar ċóṁ h‐árd le sriantaiḃ na gcapall, ar feaḋ mile agus sé céad staid.


Cuirfiḋ siad cogaḋ ar an Uan, agus buaiḋfiḋ an tUan orṫa, óir is é Tiġearna na dtiġearna agus Rí na riġṫe é: agus buaiḋfiḋ siad‐san atá i n‐éinḟeaċt leis: do glaoḋaḋ, agus do toġaḋ iad, agus tá siad dílis.


Annsin do ċonnacas neaṁ ar ḟoscailt; agus féaċ, eaċ bán, agus an té do ḃí ar muin air, tugaḋ Dílse agus Fírinne mar ainm air; agus is do réir an ċirt do‐ġní sé breiṫeaṁnas, agus ċuireann sé cogaḋ.


Agus tugaḋ de ċéad di í féin do ċlúdú le línéadaċ mín‐ġeal, glan‐úr: óir is é an línéadaċ mín gníoṁarṫa fíréanta na naoṁ.


Aċt atá beagán daoine i Sárdis nár ṡaluiġ a n‐éadaiġe: agus siuḃalfaid‐sean i n‐éinḟeaċt liom i n‐éadaiġiḃ geala; óir is fiú iad é.


Agus do ḃí ceiṫre riġ‐ċaṫaoireaċa agus fiċe, agus ceaṫrar agus fiċe seanóir ’n‐a suiḋe ins na riġ‐ċaṫaoireaċaiḃ, éadaiġe geala umpa,


’N‐a ḋiaiḋ sin do ḋearcas, agus féaċ, sluaġ mór naċ ḃféadfaḋ aon duine a áireaṁ, de gaċ cineaḋ, agus de gaċ treiḃ, agus de gaċ pobal, agus de gaċ teangain, ’n‐a seasaṁ os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ agus os cóṁair an Uain, éadaiġe geala umpa, agus pailmeaċa ’n‐a láṁaiḃ aca;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan