Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 18:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 agus ní ḃéiḋ solas lampa ag soillsiú ionnat arís go deoiḋ; agus ní cluinfear guṫ an ḟir nua‐ṗósta, ná guṫ mná nua‐ṗósta ionnat arís go deoiḋ: óir ba iad daoine móra na talṁan do ċeannaiḋṫe; agus is led’ ḋraoiḋeaċt do meallaḋ na ciniḋeaċa go léir.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 Agus ní ṡoillséoċuiġ solas coinnle ní sa ṁó ionnad; agus ní cluinfiġṫear gúṫ fir ná mná nuáḋṗósda ní sa ṁó ionnad: óir bá híad do ċeannuiġṫe daóine móra na talṁan; agus is réd ṗiséoguiḃ do meallaḋ na huile ċineaḋaċa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 18:23
26 Iomraidhean Croise  

Agus ba é fáṫ fá ṫugadar aire ḋó, gur ċuir sé iongnaḋ mór orṫa le tamall fada le n‐a ċuid draoiḋeaċta.


Agus do teilgeaḋ síos an dragún mór, an tsean‐naṫair niṁe, ar a dtugtar an Diaḃal agus Sátan, an té ṁeallas an saoġal ar fad; do teilgeaḋ síos é go dtalaṁ, agus do teilgeaḋ a aingle síos i n‐éinḟeaċt leis.


Do ċleaċt riġṫe an doṁain drúis léi, agus do cuireaḋ luċt áitreaḃa na talṁan ar meisce le fíon a drúise.


agus do ḃí ainm scríoḃṫa ar ċlár a h‐éadain, Rúindiaṁair, An Ḃaibiolón Ṁór, Máṫair Méirdreaċ agus Déistin na Talṁan.


Agus ní cluinfear fuaim cláirseora, ná ceoltóra, ná fliúiteora, ná trompadóra ionnat arís go deoiḋ; agus ní ḃéiḋ ceárdaiḋe de ċeird ar biṫ le fáġáil ionnat arís go deoiḋ; agus ní cluinfear fuaim brón ionnat arís go deoiḋ;


Óir atá na ciniḋeaċa go léir tuitṫe ar lár de ḋeascaiḃ fíona díḃeirge a drúise; agus do ċleaċt riġṫe an doṁain drúis léi, agus d’éiriġ ceannaiḋṫe an doṁain saiḋḃir de ḃárr a saḋaile.


Agus riġṫe an doṁain do ċleaċt drúis léi, agus do ċaiṫ a saoġal i saḋaile i n‐éinḟeaċt léi, béiḋ siad ag gol agus ag caoineaḋ mar ġeall uirṫi, ar aṁarc dóiḃ ar ḋeataċ a dóiġte,


Aċt maidir leis na daoiniḃ meaṫta, mí‐ċreidṁeaċa, gráineaṁla, agus leis na dúnṁarḃṫóiriḃ, leis na drúiseoiriḃ, leis na draoiḋeadóiriḃ, agus leis na h‐íoḋal‐aḋraṫóiriḃ, agus le luċt na mbréag ar fad, ġeoḃaid‐sean a gcuid féin san loċ atá ar dearg‐lasaḋ le teiniḋ agus le ruiḃ; is é sin an dara bás.


Aċt ar an taoḃ amuiġ ḋi atá na madraí, agus luċt na bpisreog, agus na drúiseoirí, agus na dúnṁarḃṫóirí, agus na h‐íoḋal‐aḋraṫóirí, agus gaċ duine ġráḋuiġeas agus ċleaċtas bréag.


Agus ní ḃéiḋ aon oiḋċe ann arís; agus ní ḃéiḋ gáḃaḋ le solas lóċrainn, ná le solas na gréine; óir do‐ḃéarfaiḋ an Tiġearna Dia solas dóiḃ: agus béiḋ siad ag riaġlú go saoġal na saoġal.


Agus do ċuaiḋ riġṫe an doṁain, agus na daoine móra, agus na taoisiġ airm, agus na h‐acfuinniġ, agus na daoine tréana, agus gaċ scláḃaiḋe, agus gaċ saor‐ḋuine i ḃfolaċ i gcuasaiḃ agus i gcairrgiḃ na sléiḃte;


agus ní ḋearnadar aiṫriġe ’n‐a ndúnṁarḃṫaiḃ, ná ’n‐a bpisreogaiḃ, ná ’n‐a striapaċas, ná ’n‐a ngadaiḋeaċt.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan