Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 18:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus do ġlaoḋ sé amaċ de ġuṫ árd, g‐á ráḋ, Tuitṫe! tuitṫe! atá sí tuitṫe, an Ḃaibiolóin Ṁór, agus atá áitreaḃ deaṁan déanta ḋi, agus uaċais do gaċ spiorad neaṁ‐ġlan, agus carcair do gaċ éan neaṁ‐ġlan, aḋḟuaṫṁar.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus do éiġ sé go láidir go ġúṫ árd, ag raḋ, Do ṫuit, do ṫuit an Ḃabilóin ṁór, agus do rinneaḋ áit coṁnuiġe deaṁan di, agus ionaḋ congṁála gaċ spioruide neaṁġlóine, agus áit cúṁduiġ gaċ éinḟúaṫṁair neaṁġloin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 18:2
26 Iomraidhean Croise  

agus do ḃí a ċosa mar ḃéaḋ uṁa geal‐ruiṫneaċ do bruiṫneaḋ i ḃfoirnéis; agus do ḃí a ġlór mar ḃéaḋ torann mór‐uisce.


agus a leaṫ‐ċos ċlé ar an talaṁ; agus do ġlaoḋ sé de ġuṫ árd mar ḃéiceas leoṁan: agus nuair do ġlaoḋ, do laḃair glórṫaí na seaċt dtóirneaċa.


Agus béiḋ a gcuirp sínte ’n‐a luiġe i sráid na caṫraċ móire ar a dtugtar go spioradálta Sodom agus an Éigipt, mar ar céasaḋ a dTiġearna, ċóṁ maiṫ.


Agus ṫáinig aingeal amaċ as an teampall, g‐á ġlaoḋaċ de ġuṫ árd ċuige‐sean do ḃí ’n‐a ṡuiḋe ar an néall, Cuir isteaċ do ċorrán gear, agus bí ag baint: óir atá an t‐am ċum bainte tagṫa; óir atá fóġṁar na talṁan ṫar a ḃeiṫ aibiḋ.


Agus do lean aingeal eile, g‐á ráḋ, Is í atá tuitṫe, tuitṫe, an Ḃaibiolóin Ṁór, ṫug fá deara ar na ciniḋeaċaiḃ fíon díḃeirge a striapaċais d’ól.


Agus do ċonnacas trí spioraidí neaṁ‐ġlana do ḃí cosṁail le luascánaiḃ, ag teaċt amaċ as béal an dragúin, agus as béal an ainṁiḋe, agus as béal an ḟáiḋ ḃréige:


Agus do briseaḋ an ċaṫair ṁór ’n‐a trí codaċaiḃ, agus do ṫuit caṫraċa na gciniḋeaċ ar lár: agus do ċuiṁniġ Dia ar an mBaibiolóin ṁóir, ċum cupán fíona a ḋíḃeirge móire do ṫaḃairt le n’ól di.


Agus an ḃean do ċonnacais, ís í an ċaṫair ṁór í, go ḃfuil réimeas aici ar riġṫiḃ an doṁain.


agus do ḃí ainm scríoḃṫa ar ċlár a h‐éadain, Rúindiaṁair, An Ḃaibiolón Ṁór, Máṫair Méirdreaċ agus Déistin na Talṁan.


’n‐a seasaṁ ḋóiḃ i ḃfad uaiṫi le criṫ‐eagla mar ġeall ar a ciapaḋ, g‐á ráḋ, Mo ṁairg! mo ṁairg! an ċaṫair ṁór, Baibiolóin, an ċaṫair ṫréan! óir i n‐aon uair aṁáin atá do ḃreiṫeaṁnas tagṫa ort.


Agus do ṫóg aingeal tréan‐láidir cloċ do ḃí cosṁail le cloiċ ṁóir ṁuilinn, agus do ṫeilg sé isteaċ san ḃfairrge í, g‐á ráḋ, Mar seo is eaḋ leagfar go tréan‐aḋḃal Baibilóin, an ċaṫair ṁór, agus ní ḃéiḋ sí le fáġáil arís go deoiḋ.


Agus do ċonnacas aingeal tréan‐láidir g‐á ḟógairt de ġuṫ árd, Cia h‐é gur fiú é an leaḃar d’ḟoscailt agus a ṡéalaí do scaoileaḋ?


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan