Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 18:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Agus do ċaiṫeadar luaiṫreaḋ ar a gceannaiḃ, agus do liúġadar, ag caoineaḋ agus ag déanaṁ bróin, g‐á ráḋ, Mo ṁairg! mo ṁairg! an ċaṫair ṁór mar ar éiriġ an uile ḋuine ag a raiḃ loingeas ar muir acfuinneaċ de ḃárr a saiḋḃris ṁóir! óir i n‐aon uair aṁáin do scriosaḋ í!

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Agus teilgfid luáiṫreaċ ar a gceannuiḃ, agus béid ag éiġṁe, ag gul agus ag caói, ag ráḋ, As trúaġ, trúaġ an ċaṫair ṁór, ré ndearnaḋ saiḋḃir an ṁéid agá raḃadar longa ar fairrge do ḃríġ a saiḋḃriosa sin! Óir do fasuiġeaḋ í a néunuáir.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 18:19
13 Iomraidhean Croise  

Agus na deiċ n‐aḋarca do ċonnacais, agus an t‐ainṁiḋe, ḃéarfaiḋ siad fuaṫ do’n ṁéirdriġ, agus fágfaiḋ siad tréigṫe, lomnoċt í, agus íosaiḋ siad a feoil, agus dóiġfiḋ siad le teiniḋ í.


’n‐a seasaṁ ḋóiḃ i ḃfad uaiṫi le criṫ‐eagla mar ġeall ar a ciapaḋ, g‐á ráḋ, Mo ṁairg! mo ṁairg! an ċaṫair ṁór, Baibiolóin, an ċaṫair ṫréan! óir i n‐aon uair aṁáin atá do ḃreiṫeaṁnas tagṫa ort.


Óir atá na ciniḋeaċa go léir tuitṫe ar lár de ḋeascaiḃ fíona díḃeirge a drúise; agus do ċleaċt riġṫe an doṁain drúis léi, agus d’éiriġ ceannaiḋṫe an doṁain saiḋḃir de ḃárr a saḋaile.


Ar an aḋḃar sin, san aon lá aṁáin, tiocfaiḋ a pláiġeanna, an bás, agus an brón, agus an gorta; agus dóiġfear í ar fad le teiniḋ, óir is láidir é an Tiġearna Dia ṫug breiṫeaṁnas uirṫi.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan