Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 17:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 An t‐ainṁiḋe do ċonnacais, do ḃí sé ann, agus ní ḟuil sé ann: agus atá sé le teaċt aníos as an duiḃeagán agus imṫeaċt ċum léirscriosta. Agus béiḋ iongnaḋ ar luċt áitreaḃa na talṁan, ar an méid naċ ḃfuil a n‐ainmneaċa scríoḃṫa ó ṫosaċ an tsaoġail i leaḃar na beaṫaḋ, nuair ċífeas siad an t‐ainṁiḋe, de ḃriġ go raiḃ sé ann, agus naċ ḃfuil sé ann, agus go ḃfuil sé le teaċt.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 An tainṁiḋe do ċonnairc tú do ḃí sé ann, agus ní ḃfuil; agus eiréoċuiḋ sé a níos as an bpoll duḃaigéin, agus do ġeuḃuiḋ a sgrios: agus buḋ hiongnaḋ ris an luċd áitreaḃas an talaṁ, (ag naċ ḃfuil a nanmanna sgríoḃṫa a leaḃar na beaṫa o ṫus an doṁain,) an tan do ċífid an tainṁiḋe do ḃí ann, agus naċ bḟuil, agus fós atá.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 17:8
28 Iomraidhean Croise  

Annsin adéarfaiḋ an Rí leo‐san ḃéas ar a láiṁ ḋeis, Tigiḋ, a ḋaoine beannuiġṫe lem’ Aṫair, sealḃuiġiḋ an ríoġaċt atá ullṁuiġṫe ’n‐ḃúr gcóṁair ó ḃunú an doṁain:


Aċt ċeana, ná bíoḋ áṫas oraiḃ toisc na spioraidí ḃeiṫ fá smaċt agaiḃ; aċt toisc ḃúr n‐ainmneaċa ḃeiṫ scríoḃṫa ar neaṁ.


Agus d’impiḋeadar air gan a órdú ḋóiḃ dul síos san aiḃéis.


A Aṫair, is é is mian liom na daoine ṫugais dom do ḃeiṫ mar a ḃfuilim; go ḃfeicfiḋ siad mo ġlóir, a ṫugais‐se ḋom: óis ṫugais gráḋ ḋom roiṁ ċruṫú an doṁain.


Adeir an Tiġearna, atá ag cur na neiṫe sin i dtuigsin ó ṫosaċ an tsaoġail.


fá mar ṫoġ sé sinne ann roiṁ ṫosaċ an doṁain, ċum go mbéimís naoṁṫa, gan loċt ’n‐a ḟiaḋnaise i ngráḋ:


i ndóċas na beaṫaḋ síorraiḋe, do ġeall Dia, naċ ḃféadann bréag do ḋéanaṁ, ins na h‐aoisiḃ i ḃfad ó ṡoin;


do réaṁórduiġeaḋ roiṁ ḃunaḋ an doṁain, aċt do foillsiġeaḋ i ndeireaḋ na n‐aoiseann ar ḃur son‐sa;


Agus nuair ḃéas a ḃfiaḋnaise críoċnuiġṫe aca, an t‐ainṁiḋe ṫig as an duiḃeagán, déanfaiḋ sé cogaḋ leo, agus buaiḋfiḋ sé orṫa, agus marḃóċaiḋ sé iad.


Agus an t‐ainṁiḋe do ḃí ann, agus naċ ḃfuil ann, is é an t‐oċtṁaḋ ceann é, agus baineann sé leis na seaċt gceannaiḃ eile; agus atá sé ar an sliġe ċum léirscriosta.


Do ċleaċt riġṫe an doṁain drúis léi, agus do cuireaḋ luċt áitreaḃa na talṁan ar meisce le fíon a drúise.


Agus do teilgeaḋ an diaḃal do ṁeall iad isteaċ i loċ na teineaḋ agus na ruiḃe, mar a ḃfuil an t‐ainṁiḋe agus an fáiḋ bréige; agus béiḋ siad d’á gciapaḋ de ló agus d’oiḋċe go saoġal na saoġal.


Agus do ċonnacas na mairḃ, idir ḃeag agus ṁór, ’n‐a seasaṁ os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ; agus do fosclaḋ na leaḃair: agus do fosclaḋ leaḃar eile, is é leaḃar na beaṫaḋ é: agus tugaḋ breiṫeaṁnas ar na marḃaiḃ as a raiḃ scríoḃṫa ins na leaḃraiḃ, do réir a ngníoṁarṫa.


Agus cibé duine naċ ḃfríṫ scríoḃṫa i leaḃar na beaṫaḋ, do teilgeaḋ é amaċ i loċ na teineaḋ.


De ḃriġ gur ċoiṁeádais briaṫar m’ḟad‐ḟulaing, cuṁdóċad‐sa ṫú ar uair an ċaṫuiġṫe atá le teaċt ar an saoġal uile, ċum a maireann ar talaṁ d’ḟroṁaḋ.


An té ḃeireas buaiḋ, clúdóċar é ar an gcuma sin le h‐éadaiġiḃ geala; agus ní scriosfad a ainm amaċ ċoiḋċe as leaḃar na beaṫaḋ, agus adṁóċad a ainm i láṫair m’Aṫar agus i láṫair a aingeal.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan