Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 17:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Cuirfiḋ siad cogaḋ ar an Uan, agus buaiḋfiḋ an tUan orṫa, óir is é Tiġearna na dtiġearna agus Rí na riġṫe é: agus buaiḋfiḋ siad‐san atá i n‐éinḟeaċt leis: do glaoḋaḋ, agus do toġaḋ iad, agus tá siad dílis.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Cóṁruicfid an dreamsa ris a Núan agus béuruiḋ an Túan buáiḋ orrṫa: óir a sé Tíġearna na dtíġearnaḋ é, agus Rí na ríġṫeaḋ: agus an luċd atá ḋá ṫáoḃ atáid síad ar na ngairm, agus ar na dtóġa, agus ionnruic.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 17:14
41 Iomraidhean Croise  

Óir atá glaoiḋte ar ṁórán, aċt ní ḟuil toġṫa aċt beagán.


Agus freagróċaiḋ an Rí agus adéarfaiḋ sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Cibé niḋ do‐rinneaḃar do’n duine is suaraiġe dem’ ḃráiṫriḃ annso, gur daṁ‐sa do‐rinneaḃar é.


Agus ṫáinig Íosa ċuca agus do laḃair sé leo, g‐á ráḋ, Tugaḋ ḋaṁ‐sa gaċ cuṁaċt ar neaṁ agus ar talaṁ.


Ní siḃ‐se do ṫoġ mise, aċt is mise do ṫoġ siḃ‐se, agus do ċeapas siḃ ċum go n‐imṫeoċaḋ siḃ agus go dtiuḃraḋ siḃ toraḋ, agus go mbéaḋ ḃúr dtoraḋ buan: ionnas, cibé niḋ iarrfas siḃ ar an Aṫair im’ ainm‐se, go dtiuḃraḋ sé ḋaoiḃ é.


ar son a ainme‐sean; agus do glaoḋaḋ siḃ‐se, leis, ’n‐a measc,


Agus an méid díoḃ do réaṁ‐oirdniġ sé, do ġlaoḋ sé iad mar an gcéadna: agus an méid do ġlaoḋ sé, d’ḟíréanuiġ sé iad: agus an méid d’ḟíréanuiġ sé, do ġlóiriġ sé iad mar an gcéadna.


Aċt ċeana, ins na neiṫiḃ sin go léir atáimíd ṫar a ḃeiṫ ḃuaḋaċ de ḃárr an té ṫug gráḋ ḋuinn.


Annsin an deireaḋ, nuair ṫiuḃras sé an ríoġaċt suas do Ḋia, an tAṫair; nuair ċuirfeas sé gaċ ceannas agus gaċ uġdarás agus cuṁaċt ar ceal.


ḟoillseoċas sé ’n‐a am féin, an t‐aon Árd‐Riaġlóir beannuiġṫe aṁáin, Rí na Ríoġ, agus Tiġearna na dTiġearna;


Saiġdiúir i mbun a ḋualgais, ní ċeaduiġeann sé ḋó féin ḃeiṫ gaḃṫa ag gnáṫċúramaiḃ an tsaoġail seo, ċum go mb’ ḟearr ṫaiṫneoċas sé leis an té do ṫoġ mar ṡaiġdiúir é.


Aċt cineaḋ toġṫa is eaḋ siḃ‐se, sagartaċt ríoġḋa, náisiún naoṁṫa, pobal atá ’n‐a ṡealḃaċas ar leiṫ aige féin; ċum go ḃfógróċaḋ siḃ tréiṫe oirḋearca an té do ġlaoḋ as an dorċadas siḃ ċum a ṡolais iongantaiġ féin:


agus ó Íosa Críost, an fiaḋnaiḋe fírinneaċ, an ċéid‐ġein ó na marḃaiḃ, agus árd‐rí riġṫe na talṁan. Do’n té ġráḋuiġeas sinn, agus do scaoil ó n‐ár bpeacaiḋiḃ le n‐a ḟuil féin sinn;


Agus nuair ḃéas a ḃfiaḋnaise críoċnuiġṫe aca, an t‐ainṁiḋe ṫig as an duiḃeagán, déanfaiḋ sé cogaḋ leo, agus buaiḋfiḋ sé orṫa, agus marḃóċaiḋ sé iad.


óir is spioraidí deaṁan iad, ag oibriú míorḃailtí, ṫéiġeas amaċ ċum riġṫe an doṁain uile, ċum iad do ċruinniú le ċéile fá ċóṁair cogaiḋ lae ṁóir Dé Uile‐ċuṁaċtaiġ.


Ná bíoḋ aon eagla ort roiṁ an méid atá le fulang agat: féaċ, atá an diaḃal ar tí cuid agaiḃ do ċaiṫeaṁ isteaċ i bpríosún ċum froṁaḋ do ḋéanaṁ oraiḃ; agus béiḋ siḃ fá anró ar feaḋ deiċ lá. Bí‐se dílis go bás, agus do‐ḃéarfad‐sa coróin na beaṫaḋ ḋuit.


Is eol dom t’áit ċóṁnuiġṫe, mar a ḃfuil riġ‐ċaṫaoir Ṡátain: agus greamuiġeann tú dem’ ainm‐se, agus níor ṡéanais mo ċreideaṁ i laeṫiḃ Antipais féin, m’ḟiaḋnaiḋe dílis do marḃaḋ ’n‐ḃur measc, san áit ’n‐a ḃfuil Sátan ’n‐a ċóṁnaiḋe.


An té ḃeireas buaiḋ, do‐ḃéarfad de ċead dó suiḋe síos i n‐éinḟeaċt liom im’ riġ‐ċaṫaoir, fá mar rugas féin buaiḋ, agus do ṡuiḋeas síos i n‐éinḟeaċt lem’ Aṫair ’n‐a riġ‐ċaṫaoir‐sean.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan