Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 16:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus do ḋoirt an ceaṫraṁa h‐aingeal a ṡoiṫeaċ amaċ ar an ngréin, agus tugaḋ de ċuṁaċt di na daoine do loscaḋ le teiniḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus do ḋóirt an ceaṫraṁaḋ aingeal a ṡoiṫeaċ ar an ngréin; agus tugaḋ cúṁaċda ḋó daóine do ṗíanaḋ ré hainteas teineaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 16:8
11 Iomraidhean Croise  

agus nuair d’éiriġ an ġrian, do dóiġeaḋ é, agus de ḃriġ naċ raiḃ aon ḟréaṁ aige, d’ḟeoġ sé.


Agus béiḋ cóṁarṫaí i ngréin, agus i ré, agus i réaltanaiḃ; agus béiḋ anró ar talaṁ i measc na gcineaḋaċ, agus mearḃall orṫa ó ḟoṫram na fairrge agus na dtonn;


Iompóċar an ġrian ’n‐a dorċaċt, Agus an ġealaċ ’n‐a fuil, Roiṁ ṫeaċt do ló an Tiġearna, An lá mór iomráiḋteaċ:


Agus ṫáinig aingeal eile amaċ ó’n altóir, ag a raiḃ cuṁaċt ar ṫeiniḋ aige; agus do ġlaoḋ sé de ġuṫ árd ċuige‐sean go raiḃ an corrán géar aige, g‐á ráḋ, Cuir isteaċ do ċorrán géar agus bailiġ caora fineaṁna na talṁan; óir atá a caora lán‐aibiḋ.


Agus nuair d’ḟoscail sé an séaṁaḋ séala, do ḋearcas, agus do ḃí crioṫ mór talṁan ann; agus d’éiriġ an ġrian ċóṁ duḃ le h‐éadaċ róin, agus d’éiriġ an ġealaċ lán cosṁail le fuil;


Ní ḃéiḋ ocras ná tart orṫa ċoiḋċe; agus ní ḃuailfiḋ an ġrian ná aon teas loiscneaċ orṫa: óir an tUan atá i lár na riġ‐ċaṫaoireaċ,


Agus do ṡéid an ceaṫraṁaḋ h‐aingeal, agus do buaileaḋ an treas cuid de’n ġréin, agus an treas cuid de’n ġealaiġ, agus an treas cuid de na réaltanaiḃ; ċum go n‐éireoċaḋ an treas cuid díoḃ dorċa, agus go gcaillfeaḋ an lá an treas cuid d’á ṡolas, agus an oiḋċe mar an gcéadna.


agus tugaḋ ḋó eoċair puill an duiḃeagáin. Agus d’ḟoscail sé poll an duiḃeagáin; agus d’éiriġ deataċ ó’n bpoll, mar ḋeataċ fóirnéise móire; agus do ḋorċuiġ an ġrian agus an t‐aer le deataċ an ṗuill.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan