Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 16:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 óir do ḋoirteadar‐san fuil na naoṁ agus na ḃfáiḋ, agus ṫugais‐se fuil le n’ól dóiḃ, mar ḃí sé tuillte aca.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Óir do ḋóirteadarsan fuil na náoṁ agus na ḃfáiḋeaḋ, agus tug tusa fuil re ól dóiḃ; óir do ṫuilleadar sin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 16:6
25 Iomraidhean Croise  

Óir, de réir na breiṫe do‐ḃeir siḃ is eaḋ do‐ḃéarfar breiṫ oraiḃ: agus an tóṁas le n‐a dtóṁaiseann siḃ, is leis tóṁaisfear ċugaiḃ?


aċt an té úd naċ raiḃ a ḟios aige, agus do‐rinne neiṫe do ṫuill bualaḋ, geoḃfar air‐sean go h‐éadtrom. Agus an té d’á dtugaḋ mórán, éileoċar mórán air: agus an té gur fágaḋ mórán ar a ċúram aige, iarrfar breis air.


naċ móide go mór, an measann siḃ, an pionós ḃéas tuilte ag an té do ṡatail fá ċois Mac Dé, agus ṫug tarcuisne d’ḟuil an ċonnarṫa le n‐ar naoṁuiġeaḋ é, agus ṫug masla do Spiorad an ġrása?


Agus d’éiriġ na ciniḋeaċa feargaċ, agus ṫáinig t’ḟearg‐sa, agus tráṫ breiṫeaṁnais na marḃ, agus an tráṫ ċum a luaiġeaċt do ṫaḃairt dod’ ṡeirḃíseaċaiḃ, na fáiḋe, agus do na naoṁaiḃ, agus do na daoiniḃ gur ab eagal leo t’ainm, idir ḃeag agus ṁór; agus ċum scriosadóirí na talṁan do scrios.


Cibé duine ṫreoruiġeas ċum daor‐ḃroide, is ċum daor‐ḃroide raċas sé; cibé duine ṁarḃas le claiḋeaṁ, ní foláir a ṁarḃaḋ féin le claiḋeaṁ. Annso is eaḋ atá foiġid agus creideaṁ na naoṁ.


Agus tugaḋ de ċuṁaċt dó anál do ṫaḃairt d’íoṁáiġ an ainṁiḋe, ċum go laḃarfaḋ íoṁáiġ an ainṁiḋe, agus ċum go ndéanfaḋ sé an méid daoine naċ dtiuḃraḋ aḋraḋ do’n ainṁiḋe do ċur ċum báis.


Déanaiḋ gáirdeaċas mar ġeall uirṫi, a ḟlaiṫeasa, agus a naoṁa, siḃ‐se a abstala agus siḃ‐se a ḟáiḋe; óir atá díoġaltas déanta uirṫi ag Dia ḋaoiḃ.


Agus is innti‐se fríṫ fuil na ḃfáiḋ agus na naoṁ, agus fuil ar marḃaḋ ar doṁan.


óir is fírinneaċ, cóir iad a ḃreiṫeaṁnaisí óir atá breiṫeaṁnas tugṫa aige ar an méirdriġ ṁóir do ṫruailliġ an doṁan le n‐a striapaċas, agus atá díoġaltas déanta aige ar son fola a ṡeirḃíseaċ atá doirtṫe ag a láiṁ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan