Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 16:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Agus do briseaḋ an ċaṫair ṁór ’n‐a trí codaċaiḃ, agus do ṫuit caṫraċa na gciniḋeaċ ar lár: agus do ċuiṁniġ Dia ar an mBaibiolóin ṁóir, ċum cupán fíona a ḋíḃeirge móire do ṫaḃairt le n’ól di.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Agus do rannaḋ an ċaṫair ṁór a dtrí cotannuiḃ, agus do ṫuiteadar caiṫreaċa na gcineaḋaċ: agus ṫáinic an Ḃabilóin ṁór a gcuiṁne a laṫair Dé, ionnus go dtiuḃraḋ sé cupán dfíon ċaṫuiġ a ḟeirge ḋi.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 16:19
15 Iomraidhean Croise  

Agus béiḋ a gcuirp sínte ’n‐a luiġe i sráid na caṫraċ móire ar a dtugtar go spioradálta Sodom agus an Éigipt, mar ar céasaḋ a dTiġearna, ċóṁ maiṫ.


Agus ṫáinig aingeal de na seaċt n‐aingliḃ go raiḃ na seaċt soiṫiġe aca, agus do laḃair sé liom, g‐á ráḋ, Gaḃ i leiṫ, taisbeánfad duit breiṫeaṁnas na méirdriġe móire atá suiḋte ar uisciḃ iomḋa.


Agus an ḃean do ċonnacais, ís í an ċaṫair ṁór í, go ḃfuil réimeas aici ar riġṫiḃ an doṁain.


agus do ḃí ainm scríoḃṫa ar ċlár a h‐éadain, Rúindiaṁair, An Ḃaibiolón Ṁór, Máṫair Méirdreaċ agus Déistin na Talṁan.


’n‐a seasaṁ ḋóiḃ i ḃfad uaiṫi le criṫ‐eagla mar ġeall ar a ciapaḋ, g‐á ráḋ, Mo ṁairg! mo ṁairg! an ċaṫair ṁór, Baibiolóin, an ċaṫair ṫréan! óir i n‐aon uair aṁáin atá do ḃreiṫeaṁnas tagṫa ort.


Agus do ġlaoḋ sé amaċ de ġuṫ árd, g‐á ráḋ, Tuitṫe! tuitṫe! atá sí tuitṫe, an Ḃaibiolóin Ṁór, agus atá áitreaḃ deaṁan déanta ḋi, agus uaċais do gaċ spiorad neaṁ‐ġlan, agus carcair do gaċ éan neaṁ‐ġlan, aḋḟuaṫṁar.


Agus do ṫóg aingeal tréan‐láidir cloċ do ḃí cosṁail le cloiċ ṁóir ṁuilinn, agus do ṫeilg sé isteaċ san ḃfairrge í, g‐á ráḋ, Mar seo is eaḋ leagfar go tréan‐aḋḃal Baibilóin, an ċaṫair ṁór, agus ní ḃéiḋ sí le fáġáil arís go deoiḋ.


óir atá a peacaiḋe ’n‐a gcarn go neaṁ, agus do ċuiṁniġ Dia ar a míġníomarṫaiḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan