Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 15:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 agus na seaċt n‐aingle go raiḃ na seaċt bpláiġeanna aca, ṫáinig siad amaċ as an teampall, línéadaċ glan‐úr umpa, agus creasa óir i dtimċeall a n‐uċt orṫa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus tangadar na seaċd naingil amaċ as an dteampoll, agá raḃadar na seaċd bpláġa, umá raiḃ línéudaċ glan deallruiġeaċ, agus íad ar na gcreasrúġaḋ ré creasanuiḃ órrġa a dtimċioll a noċda.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 15:6
9 Iomraidhean Croise  

Agus ṫarla, nuair do ḃí mearḃall orṫa ’n‐a ṫaoḃ sin, gur, féaċ, do ṡeas beirt ḟear ’n‐a n‐aice, agus éadaiġe lonnraċa orṫa:


agus i lár na gcoinnleoir, an duine do ḃí cosṁail le Mac an Duine, róba go troiġ air, agus crios óir timċeall a uċta.


Agus ṫáinig aingeal amaċ as an teampall, g‐á ġlaoḋaċ de ġuṫ árd ċuige‐sean do ḃí ’n‐a ṡuiḋe ar an néall, Cuir isteaċ do ċorrán gear, agus bí ag baint: óir atá an t‐am ċum bainte tagṫa; óir atá fóġṁar na talṁan ṫar a ḃeiṫ aibiḋ.


Agus ṫáinig aingeal eile amaċ as an teampall atá ar neaṁ, agus corrán géar aige‐sean, leis.


Agus do ċonnacas cóṁarṫa mór eile ar neaṁ, cóṁarṫa mór, iongantaċ, seaċt n‐aingle agus seaċt bpláiġeanna aca, na pláiġeanna deireannaċa óir is leo‐san cóiṁlíontar díḃeirg Dé.


Agus tugaḋ de ċéad di í féin do ċlúdú le línéadaċ mín‐ġeal, glan‐úr: óir is é an línéadaċ mín gníoṁarṫa fíréanta na naoṁ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan