Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 15:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus do ḃíodar ag canaḋ aṁráin Ṁaoise seirḃísiġ Dé, agus aṁráin an Uain, g‐á ráḋ, Is mór, iongantaċ iad t’oibreaċa, a Ṫiġearna, a Ḋia Uile‐ċuṁaċtaiġ. Is cóir, fírinneaċ iad do ṡliġṫe, a Riġ na gciniḋeaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus do ċanadar cainntic Ṁaóise ṡearḃḟoġantuiġ Dé, agus cainntic a Nuáin, ag ráḋ, As mór iongantaċ hoibreaċasa, a Ṫíġearna a Ḋé Uileċúṁaċduiġ; is coṁṫrom fírinneaċ do ṡliġese, a Rí na ccineáḋaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 15:3
49 Iomraidhean Croise  

Óir tugaḋ an reaċt tré Ṁaois, aċt ṫáinig grás agus fírinne tré Íosa Críost.


Anois do’n Riġ síorraiḋe, do‐ṁarḃṫa, do‐ḟeicsiona, do’n Aon‐Dia, go raiḃ onóir agus glóir go saoġal na saoġal. Amen.


Agus go dearḃṫa, do ḃí Maois dílis mar ṡeirḃíseaċ ’n‐a ṫiġ‐sean uile, ċum fiaḋnaise do ṫaḃairt ar na neiṫiḃ do ḃí le h’innsin ’n‐a ḋiaiḋ sin;


Is mise an t‐Alfa agus an t‐Ómega, adeir an Tiġeara Dia, an té atá ann, agus do ḃí ann, agus atá ag teaċt, an tUile‐ċuṁaċtaċ.


agus d’aḋradar Dia, g‐á ráḋ, Do‐ḃeirimíd a ḃuiḋeaċas leat, a Ṫiġearna Dia Uile‐ċuṁaċtaiġ, atá ann, agus do ḃí ann, agus ḃéas ann; gur ġaḃais ċugat do ċuṁaċt, agus gur ġlacais réimeas ríoġ.


agus do ḃíodar ag canaḋ aṁráin, mar ḃéaḋ aṁrán úr‐nua, ós cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ, agus os cóṁair na gceiṫre n‐ainṁiḋe, agus os cóṁair na seanóir: agus ní raiḃ ar ċumas d’aoinneaċ an t‐aṁrán sin d’ḟoġlaim, aċt aṁáin do’n ċéad ceaṫrar, agus dá ḟiċid míle duine do ḃí ceannuiġṫe as a raiḃ ar talaṁ.


Agus do lean aingeal eile, g‐á ráḋ, Is í atá tuitṫe, tuitṫe, an Ḃaibiolóin Ṁór, ṫug fá deara ar na ciniḋeaċaiḃ fíon díḃeirge a striapaċais d’ól.


Cuirfiḋ siad cogaḋ ar an Uan, agus buaiḋfiḋ an tUan orṫa, óir is é Tiġearna na dtiġearna agus Rí na riġṫe é: agus buaiḋfiḋ siad‐san atá i n‐éinḟeaċt leis: do glaoḋaḋ, agus do toġaḋ iad, agus tá siad dílis.


Agus atá ainm scríoḃṫa ar a éadaċ agus ar a ċeaṫraṁain, Rí na Riġṫe, agus Tiġearna na dTiġearna.


óir is fírinneaċ, cóir iad a ḃreiṫeaṁnaisí óir atá breiṫeaṁnas tugṫa aige ar an méirdriġ ṁóir do ṫruailliġ an doṁan le n‐a striapaċas, agus atá díoġaltas déanta aige ar son fola a ṡeirḃíseaċ atá doirtṫe ag a láiṁ.


Do ḃí sé sciaṫáin ag gaċ ceann de na h‐ainṁiḋṫiḃ, agus ’n‐a dtimċeall, agus taoḃ istiġ ḋíoḃ atá siad lán de ṡúiliḃ: agus ní ṫostann siad de ló ná d’oiḋċe, aċt iad g‐á ráḋ, Naoṁṫa, naoṁṫa, naoṁṫa, Tiġearna Dia Uile‐ċuṁaċtaċ, do ḃí ann, agus atá ann, agus atá ag teaċt.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan