Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 14:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus do ċonnacas aingeal eile ar eiteall i lár na spéire, agus soiscéal síorraiḋe aige le n’ḟógairt do luċt áitreaḃa na talṁan, agus do gaċ cineaḋ, agus treiḃ, agus teangain, agus pobal;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus do ċonnairc mé aingeal eile ag eitealluiġ a meaḋón neiṁe, agá raiḃ soisgéul síorruiḋe ċum a ṡoisgéulta don druing áitreaḃas an talaṁ, agus do nuile ċineaḋ, agus ṫreiḃ, agus ṫeanguiḋ, agus ṗubal,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 14:6
30 Iomraidhean Croise  

An méid adeirim liḃ sa dorċadas, abraiḋ‐se sa tsolas é: agus an méid ċluineas siḃ sa gcluais, craoḃscaoiliḋ ar ḃárraiḃ na dtiġṫe é.


Agus aduḃairt sé leo, Imṫiġiḋ ar fud an doṁain uile, agus déanaiḋ an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ do’n ċineaḋ daonna ar fad.


Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó siḃ do ḋaingniú do réir mo ṡoiscéil‐se, agus do réir seanmóireaċta Íosa Críost, do réir foillsiġṫe na rúndiaṁaire do cóngḃuiġeaḋ fá ċeilt leis na ciantaiḃ,


aċt go seasuiġiḋ siḃ go daingean ar ḃun an ċreidiṁ, gan casaḋ i leaṫtaoḃ ó ḋóċas an tsoiscéil do ċualaḃar, do craoḃscaoileaḋ i measc gaċ a ḃfuil cruṫuiġṫe fá neaṁ, go ḃfuilim‐se Pól im’ ṁinistir de.


Anois go dtugaiḋ ár dTiġearna Íosa Críost féin agus Dia ár nAṫair, do ġráḋuiġ sinn, agus ṫug sólás síorraiḋe agus deaġ‐ḋóċas dúinn tré ġrása, go dtugaiḋ sé sólás croiḋe ḋaoiḃ,


Anois, Dia na síoṫċána ṫug aoḋaire mór na gcaoraċ ar ais ó na marḃaiḃ tré ḟuil an ċonnarṫa ṡíorraiḋe,


Aċt fanann briaṫar an Tiġearna go síorraiḋe. Agus is é briaṫar an tsoiscéil do craoḃscaoileaḋ ḋaoiḃ é seo.


Agus aduḃraḋ liom, Caiṫfiḋ tú tarngaireaċt do ḋéanaṁ fós i dtaoḃ a lán poibleaċa, agus ciniḋeaċ, agus teangṫaċ, agus riġṫe.


naċ mbéiḋ tuilleaḋ moille: aċt i laeṫiḃ glóir an seaċtṁaḋ h‐aingil, nuair ṫosnuiġeas sé ar ṡéideaḋ, annsin is eaḋ cóiṁlionfar rúindiaṁair Dé, do réir mar d’ḟoillsiġ sé d’á ṡeirḃíseaċaiḃ, na fáiḋe é.


Agus tugaḋ de ċead dó cogaḋ do ċur ar na naoṁaiḃ, agus buaiḋ do ḃreiṫ orṫa: agus tugaḋ cuṁaċt dó os cionn gaċ treiḃe, agus pobail, agus teangan, agus ciniḋ.


De ḃriġ gur ċoiṁeádais briaṫar m’ḟad‐ḟulaing, cuṁdóċad‐sa ṫú ar uair an ċaṫuiġṫe atá le teaċt ar an saoġal uile, ċum a maireann ar talaṁ d’ḟroṁaḋ.


Agus do ċanadar aṁrán úr‐nua, g‐á ráḋ, Is fiú ṫusa an leaḃar do ġlacaḋ agus a ṡéalaí d’ḟoscailt: de ḃriġ gur marḃaḋ ṫú, agus gur ċeannuiġis do Ḋia led’ ḟuil daoine de gaċ treiḃ, agus de gaċ teangain, agus de gaċ pobal, agus de gaċ cineaḋ,


Agus do ḋearcas, agus do ċualas iolar aonair ar eiteall i lár na spéire, g‐á ráḋ de ġuṫ árd, Mairg, mairg, mairg, do luċt áitreaḃa na talṁan, mar ġeall ar ġlórṫaiḃ eile na stoc atá le séideaḋ fós ag na trí h‐aingliḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan