Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 14:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 agus do ḃíodar ag canaḋ aṁráin, mar ḃéaḋ aṁrán úr‐nua, ós cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ, agus os cóṁair na gceiṫre n‐ainṁiḋe, agus os cóṁair na seanóir: agus ní raiḃ ar ċumas d’aoinneaċ an t‐aṁrán sin d’ḟoġlaim, aċt aṁáin do’n ċéad ceaṫrar, agus dá ḟiċid míle duine do ḃí ceannuiġṫe as a raiḃ ar talaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus do ċannadar mar do ḃíaḋ céol núaḋ a ḃfiaḋnuise na caṫaóireaċ, agus a ḃfíaḋnuise na gceiṫre mbeaṫaċ, agus na seanóireaḋ: agus níor ḃféidir déinneaċ an céol sin dfoġlaim aċd aṁáin don ċéud agus do na ceiṫre ar ḋá ḟiċead do ṁíltiḃ, do ḃí ar na gceannaċ ón dtalaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 14:3
17 Iomraidhean Croise  

Óir do’n dream atá ag dul amuġa is ionann briaṫar na croise agus díṫ‐céille; aċt dúinne atá d’ár slánú is í cuṁaċt Dé í.


Ní ġlacann an duine neaṁ‐spioradálta le neiṫiḃ Spioraid Dé: mar is cuma leis iad nó diṫ‐céille: agus ní féidir leis eolas d’ḟáġáil orṫa, de ḃriġ go mbreaṫnuiġtear iad go spiorádálta.


Agus do ḋearcas, agus féaċ, an tUan ’n‐a ṡeasaṁ ar ċnoc Síoin, agus céad ceaṫrar agus dá ḟiċid míle duine ’n‐a ḟoċair, agus a ainm‐sean agus ainm a Aṫar scríoḃṫa ar ċláraiḃ a n‐éadain.


Agus do ḃíodar ag canaḋ aṁráin Ṁaoise seirḃísiġ Dé, agus aṁráin an Uain, g‐á ráḋ, Is mór, iongantaċ iad t’oibreaċa, a Ṫiġearna, a Ḋia Uile‐ċuṁaċtaiġ. Is cóir, fírinneaċ iad do ṡliġṫe, a Riġ na gciniḋeaċ.


An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ. An té ḃeireas buaiḋ, do‐ḃéarfad dó‐san cuid de’n ṁanna foluiġṫe, agus do‐ḃéarfad ḋó cloċ ġeal, agus ainm nua scríoḃṫa ar an gcloiċ, naċ ḃfuil eolas air ag aoinneaċ, aċt ag an té ġeiḃeas í.


Agus do ċanadar aṁrán úr‐nua, g‐á ráḋ, Is fiú ṫusa an leaḃar do ġlacaḋ agus a ṡéalaí d’ḟoscailt: de ḃriġ gur marḃaḋ ṫú, agus gur ċeannuiġis do Ḋia led’ ḟuil daoine de gaċ treiḃ, agus de gaċ teangain, agus de gaċ pobal, agus de gaċ cineaḋ,


Agus do ċualas méid na ndaoine ar ar cuireaḋ an séala, céad agus dá‐ḟiċid agus ceiṫre míle as gaċ treiḃ de ċloinn Israel.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan