Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 14:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus ṫáinig aingeal amaċ as an teampall, g‐á ġlaoḋaċ de ġuṫ árd ċuige‐sean do ḃí ’n‐a ṡuiḋe ar an néall, Cuir isteaċ do ċorrán gear, agus bí ag baint: óir atá an t‐am ċum bainte tagṫa; óir atá fóġṁar na talṁan ṫar a ḃeiṫ aibiḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Agus táinic aingeal eile amaċ as an dteampoll, ag éiġme do ġúṫ árd ar an tí do ḃí na ṡuiḋe air a néull, Saiṫ a steaċ do ċorrán, agus buáin: óir rug aimsir na buána ort; óir atá fóġṁar na talṁan apuiḋe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 14:15
20 Iomraidhean Croise  

go sracfaḋ siḃ an ċruiṫneaċt as a ḟréaṁaċaiḃ leis. Leigiḋ ḋóiḃ araoin fás go dtí an fóġṁar: agus i n‐aimsir an ḟóġṁar adéarfad‐sa leis na buanaiḋṫiḃ, Bailiġiḋ ar dtús an cogal, agus ceanglaiḋ é ’n‐a ṗunnannaiḃ le dóġaḋ; aċt bailiġiḋ an ċruiṫneaċt isteaċ im’ scioból.


agus is é an diaḃal an náṁaid do ċuir iad: agus is é deireaḋ an tsaoġail an fóġṁar; agus is iad na h‐aingil na buanaiḋṫe,


Líonaiḋ‐se, mar sin, tóṁas ḃúr sinnsear.


Aċt nuair ḃíos an toraḋ aibiḋ, ar an laṫair cuireann seisean an corrán ann, de ḃriġ go ḃfuil am an ḟóġṁair ann.


’g‐ár gcosc ar laḃairt leis na Cineaḋaċaiḃ ċum iad do ṡlánú; ag méadú a bpeacaiḋe de ṡíor; aċt atá ḋíḃeirg tagṫa go h‐iomlán orṫa.


Agus do fosclaḋ teampall Dé ar neaṁ; agus do noċtaḋ airc a ċonnarṫa istiġ ’n‐a ṫeampall; agus do ḃí teinnteaċa, agus glórṫa, agus tóirneaċa, agus crioṫ talṁan, agus cloiċ‐ṡneaċta mór ann.


Agus oibriġeann sé smaċt an ċéad ainṁiḋe ’n‐a ḟiaḋnaise, agus cuireann sé d’ḟiaċaiḃ ar a ḃfuil ar talaṁ ’n‐a gcóṁnaiḋe ann aḋraḋ do ṫaḃairt do’n ċéad ainṁiḋe go raiḃ a ġoin ḃáis leiġeasta.


Agus do ḋearcas, agus féaċ, néall geal, agus an té do ḃí cosṁail le Mac an Duine ’n‐a ṡuiḋe ar an néall, coróin óir ar a ċeann, agus corrán géar ’n‐a láiṁ aige.


Agus an té do ḃí ’n‐a ṡuiḋe ar an néall, do ċaiṫ sé a ċorrán ar an talaṁ; agus do baineaḋ fóġṁar na talṁan.


Agus ṫáinig aingeal eile amaċ as an teampall atá ar neaṁ, agus corrán géar aige‐sean, leis.


Agus ṫáinig aingeal eile amaċ ó’n altóir, ag a raiḃ cuṁaċt ar ṫeiniḋ aige; agus do ġlaoḋ sé de ġuṫ árd ċuige‐sean go raiḃ an corrán géar aige, g‐á ráḋ, Cuir isteaċ do ċorrán géar agus bailiġ caora fineaṁna na talṁan; óir atá a caora lán‐aibiḋ.


agus na seaċt n‐aingle go raiḃ na seaċt bpláiġeanna aca, ṫáinig siad amaċ as an teampall, línéadaċ glan‐úr umpa, agus creasa óir i dtimċeall a n‐uċt orṫa.


Agus do ḋoirt an seaċtṁaḋ h‐aingeal a ṡoiṫeaċ amaċ san aer; agus ṫáinig árd‐ġlór amaċ as an teampall, ó’n riġ‐ċaṫaoir, g‐á ráḋ, Atá sé déanta:


agus do ġlaoḋadar de ġuṫ árd g‐á ráḋ, Cá ḟaide ḋuit, a Ṁáiġistir naoṁṫa, ḟírinniġ, gan breiṫeaṁnas agus díoġaltas do ḋéanaṁ ar luċt áitreaḃa na talṁan?


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan