Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 14:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do ḋearcas, agus féaċ, an tUan ’n‐a ṡeasaṁ ar ċnoc Síoin, agus céad ceaṫrar agus dá ḟiċid míle duine ’n‐a ḟoċair, agus a ainm‐sean agus ainm a Aṫar scríoḃṫa ar ċláraiḃ a n‐éadain.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus daṁairc mé, agus, féuċ, Uán na ṡeasaṁ ar slíaḃ Sióin, agus céud ceaṫrar agus dá ḟiċid do ṁíltiḃ na ḟoċair, agá raiḃ ainm a Aṫar sgríoḃṫa a gcláruiḃ a néudan.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 14:1
30 Iomraidhean Croise  

Agus adeirim liḃ, Cibé duine adṁóċas mise i ḃfiaḋnaise na ndaoine, adṁóċaiḋ Mac an Duine eisean i ḃfiaḋnaise aingeal Dé:


fá mar tá scríoḃṫa, Féaċ, cuirim i Síon ceap tuisliḋ agus carraig scannail, Agus cibé ċreideas ann, ní náireoċar é.


Agus do ḋearcas, agus féaċ, néall geal, agus an té do ḃí cosṁail le Mac an Duine ’n‐a ṡuiḋe ar an néall, coróin óir ar a ċeann, agus corrán géar ’n‐a láiṁ aige.


agus do ḃíodar ag canaḋ aṁráin, mar ḃéaḋ aṁrán úr‐nua, ós cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ, agus os cóṁair na gceiṫre n‐ainṁiḋe, agus os cóṁair na seanóir: agus ní raiḃ ar ċumas d’aoinneaċ an t‐aṁrán sin d’ḟoġlaim, aċt aṁáin do’n ċéad ceaṫrar, agus dá ḟiċid míle duine do ḃí ceannuiġṫe as a raiḃ ar talaṁ.


Agus tar éis na neiṫe seo do ḋearcas, agus do fosclaḋ teampall tabernacail na fiaḋnaise ar neaṁ:


agus ċífiḋ siad a ġnúis; agus béiḋ a ainm ar ċláraiḃ a n‐éadain.


An té ḃeireas buaiḋ, déanfad colaṁan i dteampall mo Ḋé ḋe, agus ní imṫeoċaiḋ sé amaċ as go deoiḋ: agus scríoḃfad ainm mo Ḋé air, agus ainm caṫraċ mo Ḋé, Iarúsalem nua ṫig anuas as neaṁ óm’ Ḋia, agus m’ainm nua féin.


’N‐a ḋiaiḋ sin do ḋearcas, agus féaċ, doras ar ḟoscailt ar neaṁ, agus an ċéad guṫ do ċualas do ḃí sé mar ḃéaḋ fuaim stuic ag laḃairt liom, g‐á ráḋ, Gaḃ aníos annso, agus taisbeánfad duit na neiṫe atá le teaċt ċum críċe ’n‐a ḋiaiḋ seo.


Agus do ḋearcas, agus féaċ, capall liaṫḃán: agus an té do ḃí ar muin air, is é an Bás dob’ ainm dó; agus do lean Hádes ’n‐a ċuideaċtain. Agus tugaḋ cuṁaċt dóiḃ ar an gceaṫraṁaḋ cuid de’n talaṁ, ċum ḃeiṫ ag marḃaḋ leis an gclaiḋeaṁ, agus leis an ngorta, agus leis an bpláiġ, agus le h‐ainṁiḋṫiḃ allta na talṁan.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan