Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 13:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus d’ḟoscail sé a ḃéal ċum maslaḋ do ṫaḃairt do Ḋia, agus d’á ainm, agus d’á áitreaḃ, agus do luċt aitreaḃa neiṁe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus do ḟosguil sé a ḃéul ċum Dé ṁasluġaḋ; ċum a anma ṁasluġaḋ, agus a ṫabernacail, agus na druinge áireaḃas air neaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 13:6
26 Iomraidhean Croise  

A ṡlioċt na naṫraċ niṁe, cionnas is féidir liḃ‐se deaġ‐neiṫe do laḃairt, agus siḃ go h‐olc? óir is as líonṁaireaċt an ċroiḋe laḃras an béal.


Óir is as an gcroiḋe amaċ ṫig droċ‐smaointe, dúnṁarḃaḋ, aḋaltrannas, scriapaċas, gadaiḋeaċt, fiaḋnaise éiṫiġ, dia‐ṁaslaḋ:


Agus do‐rinneaḋ colann de’n Ḃriaṫar, agus do ċóṁnuiġ sé ’n‐ár measc (agus do ċonnacamar a ġlóir, aṁail glóir Aon‐Ṁic an Aṫar), lán de ġrás agus d’ḟírinne.


Is uaiġ oscailte a scórnaċ; Do‐rinneadar feall le n‐a dteangṫaċaiḃ: Atá niṁ naṫraċ fá n‐a bpusaiḃ:


Óir ba é toil an Aṫar go ndéanfaḋ an iomláine ar fad cóṁnaiḋe ann;


óir is ann go corporḋa atá iomláine na Diaḋaċta ar fad,


Óir do ḃí tabernacal curṫa i gcóir, an ċéad ṗailliún, ar a dtugtar an Naoṁ‐Áit, mar a raiḃ an coinnleoir, agus an bórd, agus arán na toirḃirte.


Óir ní isteaċ i n‐áit naoṁṫa do rinneaḋ le láṁaiḃ do ċuaiḋ Críost, áit naċ ḃfuil aċt ’n‐a ṡompla de’n naoṁ‐áit ḟírinniġ; aċt isteaċ ins na flaiṫeasaiḃ féin, ċum go ḃfaiġfiḋe é anois i láṫair Dé ar ár son‐sa:


Agus do ċualadar glór mór ó neaṁ g‐á ráḋ leo, Gaḃaiḋ aníos annso. Agus do ċuadar suas ar neaṁ san néall; agus do ċonnaic a náiṁde iad.


Déanaiḋ gáirdeaċas d’á ḃriġ sin, a ḟlaiṫeasa, agus siḃ‐se ċóṁnuiġeas ionnta. Is mairg do’n talaṁ agus do’n ḟairrge: óir atá an diaḃal imṫiġṫe síos ċugaiḃ, agus fearg ṁór air, agus a ḟios aige naċ ḃfuil aċt tamall beag i ndán dó.


Agus tar éis na neiṫe seo do ḋearcas, agus do fosclaḋ teampall tabernacail na fiaḋnaise ar neaṁ:


Déanaiḋ gáirdeaċas mar ġeall uirṫi, a ḟlaiṫeasa, agus a naoṁa, siḃ‐se a abstala agus siḃ‐se a ḟáiḋe; óir atá díoġaltas déanta uirṫi ag Dia ḋaoiḃ.


Agus do ċualas árd‐ġlór ó’n riġ‐ċaṫaoir, g‐á ráḋ, Féaċ, atá tabernacal Dé ag daoiniḃ, agus déanfaiḋ sé cóṁnaiḋe i n‐éinḟeaċt leo, agus béiḋ siad ’n‐a bpobal aige, agus béiḋ Dia féin ’n‐a ḃfoċair, agus béiḋ sé aca mar Ḋia:


’N‐a ḋiaiḋ sin do ḋearcas, agus féaċ, doras ar ḟoscailt ar neaṁ, agus an ċéad guṫ do ċualas do ḃí sé mar ḃéaḋ fuaim stuic ag laḃairt liom, g‐á ráḋ, Gaḃ aníos annso, agus taisbeánfad duit na neiṫe atá le teaċt ċum críċe ’n‐a ḋiaiḋ seo.


Agus do ḃí ceiṫre riġ‐ċaṫaoireaċa agus fiċe, agus ceaṫrar agus fiċe seanóir ’n‐a suiḋe ins na riġ‐ċaṫaoireaċaiḃ, éadaiġe geala umpa,


Agus gaċ niḋ dár cruṫuiġeaḋ ar neaṁ, nó ar talaṁ, agus fá’n talaṁ, agus san ḃfairrge, agus gaċ a ḃfuil ionnta, do ċualas iad g‐á ráḋ, An molaḋ, agus an onóir, agus an ġlóir, agus an ċuṁaċt, go raiḃ ag an té atá ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir, agus ag an Uan go saoġal na saoġal.


Uime sin is eaḋ ḃíonn siad os cóṁair riġ‐ċaṫaoireaċ Dé; agus bíonn siad ag déanaṁ seirḃíse ḋó de ló agus d’oiḋċe ’n‐a ṫeampall: agus an té atá ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir, cuṁdóċaiḋ sé fá n‐a ṗailiún iad.


’N‐a ḋiaiḋ sin do ḋearcas, agus féaċ, sluaġ mór naċ ḃféadfaḋ aon duine a áireaṁ, de gaċ cineaḋ, agus de gaċ treiḃ, agus de gaċ pobal, agus de gaċ teangain, ’n‐a seasaṁ os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ agus os cóṁair an Uain, éadaiġe geala umpa, agus pailmeaċa ’n‐a láṁaiḃ aca;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan