Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 13:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Atá gáḃaḋ le h‐aigeantaċt annso. An té go ḃfuil tuigsin aige, cóṁaireaḋ sé uiṁir an ainṁiḋe, óir is uiṁir duine í; agus is í is uiṁir dó, Sé céad, trí fiċid, a sé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Ann so atá a néagna. An tí agá ḃfuil inntleaċd áirṁeaḋ sé úiḃir a nainṁiḋe: óir as úiḃir ḋuine é; agus a sé as uiḃir ḋó Sé ċéud trí fiċid agus a sé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 13:18
10 Iomraidhean Croise  

Aċt nuair do‐ċífiḋ siḃ úr‐ġráin an léirscriosta ’n‐a seasaṁ san áit naċ dual (an té léiġeas, tuigeaḋ sé), annsin na daoine atá i n‐Iúdaea, teiċidís ċum na gcnoc:


Aċt má noċtann ár n‐éagcóir fíréantaċt Dé, créad adéarfaimíd? An ḃfuil Dia éagcóraċ, ag éirġe ċum feirge ḋó? (ag laḃairt ar nós na ndaoine atáim).


Is aoiḃinn do’n té léiġeas agus do’n dream éisteas le ráiḋṫeaċas na tarngaireaċta so, aċt gaċ a ḃfuil scríoḃṫa innti do ċoiṁeád: óir ní fada uainn an t‐am.


Agus do ċonnacas mar ḃéaḋ fairrge ġloine, agus í meascṫa le teiniḋ; agus iad‐san ṫáinig go buaḋaċ ó’n ainṁiḋe, agus ó n‐a íoṁáiġ, agus ó uiṁir a ainme, ’n‐a seasaṁ le h‐ais na fairrge gloine, agus cláirseaċa Dé aca.


Annso atá riaċtanas le h‐aigne ṫuigseanaiġ. Na seaċt gcinn úd do ċonnacais, ar a ḃfuil an ḃean ’n‐a suiḋe, seaċt gcnuic is eaḋ iad:


Agus do ṫóṁais sé an balla, céad, dá ḟiċid is ceiṫre cuḃaid, do réir miosúir duine, is é sin miosúr aingil.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan