Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 13:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus tugaḋ de ċuṁaċt dó anál do ṫaḃairt d’íoṁáiġ an ainṁiḋe, ċum go laḃarfaḋ íoṁáiġ an ainṁiḋe, agus ċum go ndéanfaḋ sé an méid daoine naċ dtiuḃraḋ aḋraḋ do’n ainṁiḋe do ċur ċum báis.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Agus tugaḋ cúṁaċda ḋó, sbíorad do ṫaḃairt díoṁáiġ a náinṁiḋe, ionnus go laiḃéoraḋ ioṁáiġ a nainṁiḋe, agus go dtiuḃraḋ fó deara an ṁéidnaċ dtiuḃraḋ onóir díoṁaiġ a nainṁiḋe, do ṁarḃaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 13:15
25 Iomraidhean Croise  

Óir fá mar tá an corp marḃ gan an t‐anam ḃeiṫ ann, ar an gcuma ċéadna, rud marḃ is eaḋ creideaṁ gan gníoṁarṫa.


Agus do ṡeasuiġ sé ar ġaineaṁ na mara. Agus do ċonnacas ainṁiḋe ag teaċt aníos as an ḃfairrge, deiċ n‐aḋarca aige agus seaċt gcinn, agus deiċ gcoróineaċa ar a aḋarcaiḃ, agus ainmneaċa dia‐ṁaslaiḋ ar a ċeannaiḃ.


Agus oibriġeann sé smaċt an ċéad ainṁiḋe ’n‐a ḟiaḋnaise, agus cuireann sé d’ḟiaċaiḃ ar a ḃfuil ar talaṁ ’n‐a gcóṁnaiḋe ann aḋraḋ do ṫaḃairt do’n ċéad ainṁiḋe go raiḃ a ġoin ḃáis leiġeasta.


Agus meallann sé luċt áitreaḃa na talṁan leis na miorḃailtiḃ tugaḋ le déanaṁ ḋó i ḃfiaḋnaise an ainṁiḋe, g‐á ráḋ le luċt áitreaḃa na talṁan íoṁáiġ do ḋéanaṁ do’n ainṁiḋe fuair an ġoin ó’n gclaiḋeaṁ, agus do ṁair beo.


agus béiḋ deataċ a ġéar‐ċráḋa ag dul suas i n‐áirde go saoġal na saoġal; agus ní ḃíonn suaiṁneas de ló ná d’oiḋċe aca‐san do‐ġní aḋraḋ do’n ainṁiḋe agus d’á íoṁáiġ, ná ag aon duine ġlacas ċuige marc a ainme.


Agus do lean an treas aingeal g‐á ráḋ de ġuṫ árd, Má ḃeireann aoinneaċ aḋraḋ do’n ainṁiḋe agus d’á íoṁáiġ, agus má ġlacann sé marc ar ċlár a éadain, nó ar a láiṁ,


Agus d’imṫiġ an ċéad aingeal, agus do ḋoirt sé a ṡoiṫeaċ amaċ ar an talaṁ; agus d’éiriġ neascóid niṁneaċ, ġoiṁeaċ ar na daoiniḃ go raiḃ marc an ainṁiḋe orṫa, agus do rinne aḋraḋ d’á íoṁáiġ.


Agus do rinneaḋ fuil díoḃ. Agus do ċualas aingeal na n‐uiscí g‐á ráḋ, Is tusa atá cóir, coṫrom, tusa atá agus do ḃí ann an tAon Naoṁṫa, de ċionn an ḃreiṫeaṁnais atá déanta agat:


Cuirfiḋ siad cogaḋ ar an Uan, agus buaiḋfiḋ an tUan orṫa, óir is é Tiġearna na dtiġearna agus Rí na riġṫe é: agus buaiḋfiḋ siad‐san atá i n‐éinḟeaċt leis: do glaoḋaḋ, agus do toġaḋ iad, agus tá siad dílis.


Óir do ċuir Dia ’n‐a gcroiḋeaċaiḃ a ṫoil do ḋéanaṁ, agus a ḃeiṫ ar aon ċóṁairle, agus a ríoġaċt do ṫaḃairt do’n ainṁiḋe, nó go gcóiṁlíontar briaṫra Dé.


Agus do ċonnacas an ḃean ar meisce le fuil na naoṁ, agus le fuil mairtíreaċ Íosa. Agus ag aṁarc dom uirṫi, ṫáinig árd‐iongnaḋ orm.


Déanaiḋ gáirdeaċas mar ġeall uirṫi, a ḟlaiṫeasa, agus a naoṁa, siḃ‐se a abstala agus siḃ‐se a ḟáiḋe; óir atá díoġaltas déanta uirṫi ag Dia ḋaoiḃ.


Agus is innti‐se fríṫ fuil na ḃfáiḋ agus na naoṁ, agus fuil ar marḃaḋ ar doṁan.


Agus do gaḃaḋ an t‐ainṁiḋe, agus i n‐éinḟeaċt leis, an fáiḋ bréige do rinne na míorḃailtí ’n‐a ḟiaḋnaise, le n‐ár ṁeall sé an dream do ġlac marc an ainṁiḋe ċuca, agus an dream ṫug aḋraḋ d’á íoṁáiġ. Do teilgeaḋ iad araon beo amaċ i loċ teineaḋ atá ar dearg‐lasaḋ le ruiḃ.


Agus do ċonnacas árd‐ċaṫaoireaċa; agus duine ’n‐a suiḋe ionnta go dtugaḋ de ċead dóiḃ breiṫeaṁnas do ṫaḃairt: agus do ċonnacas anmanna na ndaoine do di‐ċeannuiġeaḋ ar son fiaḋnaise Íosa, agus ar son briaṫair Dé, agus naċ dtug aḋraḋ do’n ainṁiḋe, ná d’á íoṁáiġ, agus nár ġlac ċuca a marc ar ċlár a n‐éadain, ná ar a láiṁ; agus ṫángadar ’n‐a mbeaṫaiḋ, agus do riaġluiġeadar i ḃfoċair Íosa míle bliaḋain.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan