Taisbeunaḋ 13:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)12 Agus oibriġeann sé smaċt an ċéad ainṁiḋe ’n‐a ḟiaḋnaise, agus cuireann sé d’ḟiaċaiḃ ar a ḃfuil ar talaṁ ’n‐a gcóṁnaiḋe ann aḋraḋ do ṫaḃairt do’n ċéad ainṁiḋe go raiḃ a ġoin ḃáis leiġeasta. Faic an caibideilAn Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)12 Agus do rinne sé gaċ ní dár ḃféidir ris an gcéud ainmiḋe ḋéunaṁ ḋá laṫair, agus tug sé air an dtalaṁ agus air an druing áitreaḃas ann onóir do ṫaḃairt don ċéud áinṁiḋe, agár leiġeasaḋ a ċneaḋ ḃáis. Faic an caibideil |
An t‐ainṁiḋe do ċonnacais, do ḃí sé ann, agus ní ḟuil sé ann: agus atá sé le teaċt aníos as an duiḃeagán agus imṫeaċt ċum léirscriosta. Agus béiḋ iongnaḋ ar luċt áitreaḃa na talṁan, ar an méid naċ ḃfuil a n‐ainmneaċa scríoḃṫa ó ṫosaċ an tsaoġail i leaḃar na beaṫaḋ, nuair ċífeas siad an t‐ainṁiḋe, de ḃriġ go raiḃ sé ann, agus naċ ḃfuil sé ann, agus go ḃfuil sé le teaċt.
Agus do ċonnacas árd‐ċaṫaoireaċa; agus duine ’n‐a suiḋe ionnta go dtugaḋ de ċead dóiḃ breiṫeaṁnas do ṫaḃairt: agus do ċonnacas anmanna na ndaoine do di‐ċeannuiġeaḋ ar son fiaḋnaise Íosa, agus ar son briaṫair Dé, agus naċ dtug aḋraḋ do’n ainṁiḋe, ná d’á íoṁáiġ, agus nár ġlac ċuca a marc ar ċlár a n‐éadain, ná ar a láiṁ; agus ṫángadar ’n‐a mbeaṫaiḋ, agus do riaġluiġeadar i ḃfoċair Íosa míle bliaḋain.