Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 13:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus do ċonnacas ainṁiḋe eile ag teaċt aníos as an talaṁ agus ḋá aḋairc do ḃí cosṁail le h‐aḋarcaiḃ uain aige, aċt do laḃair sé mar laḃarfaḋ dragún.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus do ċonnairc mé ainṁiḋe eile ag éirġe as an dtalaṁ; air a raḃadar ḋá aḋáirc cosṁuil ré haḋárcuiḃ uáin, aċd do laḃraḋ se mar ḋragún.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 13:11
17 Iomraidhean Croise  

Seaċnuiġiḋ na fáiḋe fallsa, ṫig ċugaiḃ i rioċt caoraċ, aċt atáid ’n‐a madraiḃ allta leaṫ istiġ.


Óir ní do’n Tiġearna Críost atá a leiṫéidí ag déanaṁ seirḃíse, aċt d’á mbolg féin; agus tá siad ag meallaḋ croiḋeaċa na ndaoine simpliḋe le blastaċt cainnte agus le bladaireaċt.


agus noċtaḋ fir an ṗeacaiḋ, an mac mallaċtan árduiġeas é féin os cionn gaċ a dtugtar Dia mar ainm air, nó go ndéantar aḋraḋ ḋó; ar ṁoḋ go suiḋeann sé i dteampall Dé, g‐á ċur i gcéill gur Dia é féin.


Agus nuair ḃéas a ḃfiaḋnaise críoċnuiġṫe aca, an t‐ainṁiḋe ṫig as an duiḃeagán, déanfaiḋ sé cogaḋ leo, agus buaiḋfiḋ sé orṫa, agus marḃóċaiḋ sé iad.


Agus d’éiriġ an dragún feargaċ leis an mnaoi, agus d’imṫiġ sé ċum cogaḋ do ċur ar an gcuid eile d’á slioċt, ar luċt coiṁeádta aiṫeanta Dé, go ḃfuil fiaḋnaise Íosa aca.


Agus do ṡeasuiġ sé ar ġaineaṁ na mara. Agus do ċonnacas ainṁiḋe ag teaċt aníos as an ḃfairrge, deiċ n‐aḋarca aige agus seaċt gcinn, agus deiċ gcoróineaċa ar a aḋarcaiḃ, agus ainmneaċa dia‐ṁaslaiḋ ar a ċeannaiḃ.


agus gan cumas ḃeiṫ ag aon duine rud do ċeannaċ ná do ḋíol, aċt ag an té aṁáin ar a mbéaḋ marc, nó uiṁir an ainṁiḋe.


agus d’aḋradar an dragún, toisc a ċuṁaċt do ṫaḃairt do’n ainṁiḋe, g‐á ráḋ, Cia leis gur cosṁail an t‐ainṁiḋe, agus cia h‐é ḟéadas cogaḋ do ċur air?


Agus do ċonnacas trí spioraidí neaṁ‐ġlana do ḃí cosṁail le luascánaiḃ, ag teaċt amaċ as béal an dragúin, agus as béal an ainṁiḋe, agus as béal an ḟáiḋ ḃréige:


Agus do ċonnacas an ḃean ar meisce le fuil na naoṁ, agus le fuil mairtíreaċ Íosa. Agus ag aṁarc dom uirṫi, ṫáinig árd‐iongnaḋ orm.


An t‐ainṁiḋe do ċonnacais, do ḃí sé ann, agus ní ḟuil sé ann: agus atá sé le teaċt aníos as an duiḃeagán agus imṫeaċt ċum léirscriosta. Agus béiḋ iongnaḋ ar luċt áitreaḃa na talṁan, ar an méid naċ ḃfuil a n‐ainmneaċa scríoḃṫa ó ṫosaċ an tsaoġail i leaḃar na beaṫaḋ, nuair ċífeas siad an t‐ainṁiḋe, de ḃriġ go raiḃ sé ann, agus naċ ḃfuil sé ann, agus go ḃfuil sé le teaċt.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan