Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 13:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do ṡeasuiġ sé ar ġaineaṁ na mara. Agus do ċonnacas ainṁiḋe ag teaċt aníos as an ḃfairrge, deiċ n‐aḋarca aige agus seaċt gcinn, agus deiċ gcoróineaċa ar a aḋarcaiḃ, agus ainmneaċa dia‐ṁaslaiḋ ar a ċeannaiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus do ṡeas mé air ġaineaṁ na mara, agus do ċonnairc mé ainṁiḋe ag éiriġe as an ḃfairrge, air a raḃadar seaċd gcinn agus deiċ naḋárca, agus deiċ gcorónaċa ar a aḋárcuiḃ, agus ainm blaisṗéime air a ċeannuiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 13:1
21 Iomraidhean Croise  

Agus nuair ḃéas a ḃfiaḋnaise críoċnuiġṫe aca, an t‐ainṁiḋe ṫig as an duiḃeagán, déanfaiḋ sé cogaḋ leo, agus buaiḋfiḋ sé orṫa, agus marḃóċaiḋ sé iad.


Agus do noċtaḋ cóṁarṫa eile san spéir; agus féaċ, dragún mór dearg, go raiḃ seaċt gcloigne agus deiċ n‐aḋarca aige, agus do ḃí seaċt gcoróineaċa ar na cloigniḃ.


Agus do ċonnacas ainṁiḋe eile ag teaċt aníos as an talaṁ agus ḋá aḋairc do ḃí cosṁail le h‐aḋarcaiḃ uain aige, aċt do laḃair sé mar laḃarfaḋ dragún.


Agus meallann sé luċt áitreaḃa na talṁan leis na miorḃailtiḃ tugaḋ le déanaṁ ḋó i ḃfiaḋnaise an ainṁiḋe, g‐á ráḋ le luċt áitreaḃa na talṁan íoṁáiġ do ḋéanaṁ do’n ainṁiḋe fuair an ġoin ó’n gclaiḋeaṁ, agus do ṁair beo.


Agus tugaḋ de ċuṁaċt dó anál do ṫaḃairt d’íoṁáiġ an ainṁiḋe, ċum go laḃarfaḋ íoṁáiġ an ainṁiḋe, agus ċum go ndéanfaḋ sé an méid daoine naċ dtiuḃraḋ aḋraḋ do’n ainṁiḋe do ċur ċum báis.


Agus do ċonnacas mar ḃéaḋ fairrge ġloine, agus í meascṫa le teiniḋ; agus iad‐san ṫáinig go buaḋaċ ó’n ainṁiḋe, agus ó n‐a íoṁáiġ, agus ó uiṁir a ainme, ’n‐a seasaṁ le h‐ais na fairrge gloine, agus cláirseaċa Dé aca.


Agus do ċonnacas trí spioraidí neaṁ‐ġlana do ḃí cosṁail le luascánaiḃ, ag teaċt amaċ as béal an dragúin, agus as béal an ainṁiḋe, agus as béal an ḟáiḋ ḃréige:


Agus na deiċ n‐aḋarca do ċonnacais, agus an t‐ainṁiḋe, ḃéarfaiḋ siad fuaṫ do’n ṁéirdriġ, agus fágfaiḋ siad tréigṫe, lomnoċt í, agus íosaiḋ siad a feoil, agus dóiġfiḋ siad le teiniḋ í.


Agus rug sé leis mé san Spiorad isteaċ i ḃfásaċ, agus do ċonnacas bean ’n‐a suiḋe ar ainṁiḋe do ḃí ar ḋaṫ corcra, é lán d’ainmneaċaiḃ dia‐ṁaslaiḋ, agus seaċt gcinn agus deiċ n‐aḋarca aige.


agus do ḃí ainm scríoḃṫa ar ċlár a h‐éadain, Rúindiaṁair, An Ḃaibiolón Ṁór, Máṫair Méirdreaċ agus Déistin na Talṁan.


Agus do ċonnacas an t‐ainṁiḋe agus riġṫe an doṁain, agus a ṡluaiġte cruinniġṫe le ċéile ċum cogaḋ do ċur ar an té do ḃí ar muin an eiċ, agus le n‐a ṡluaġ‐san.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan