Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 12:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus do ḃí cogaḋ ar neaṁ: Miċeál agus a aingle ag troid i h‐aġaiḋ an drágúin; agus do ṫroid an dragún agus a aingle:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus do ḃí cáṫ ar neaṁ: do ċáṫuiġ Miċéul agus a aingil ris an dragún; agus do ċáṫuiġ an dragún agus a aingil riusún,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 12:7
23 Iomraidhean Croise  

Cuirfiḋ Mac an Duine a aingil amaċ, agus baileoċaiḋ siad as a ríoġaċt gaċ aḋḃar scannail, agus luċt déanta an uilc,


Óir tiocfaiḋ Mac an Duine i nglóir a Aṫar mar aon le n‐a aingliḃ; agus annsin ċúiteoċaiḋ sé gaċ aoinneaċ de réir a ġníoṁarṫa.


Agus cuirfiḋ se a aingil amaċ le glaoḋ mór stuic, agus baileoċaiḋ siad a ḟiréin ó na ceiṫre gaoṫaiḃ, ó imeall go h‐imeall neiṁe.


Annsin adéarfaiḋ sé leo‐san ḃéas ar a láiṁ ċlé, Imṫiġiḋ uaim, a ḋaoine malluiġṫe, isteaċ sa teiniḋ ṡíorraiḋe do h‐ullṁuiġeaḋ do’n diaḃal agus d’á aingliḃ:


Nó an measann tú naċ féidir liom glaoḋaċ ar m’Aṫair, agus cuirfiḋ sé ċugam anois díreaċ tuilleaḋ agus ḋá léigiún déag d’aingliḃ?


Agus mar ġeall ar ḟeaḃas na dtaiḋḃreaḋ sin, ar eagla go mbéaḋ móráil ṫar fóir orm, tugaḋ ḋom dealg san ḃfeoil, teaċtaire Ṡátain ċum mo ċiapṫa, ċum naċ ndéanfainn mórtas ṫar fóir.


Óir ní le feoil agus le fuil atáimíd ag iomrascáil, aċt leis na flaiṫeasaiḃ, leis na cuṁaċtaiḃ, le tioránaċaiḃ árd‐réime an doṁain dorċa so, le sluaiġte deaṁnaiḋe an uilc ins na réigiúnaiḃ uaċtaraċta.


agus suaiṁneas i n‐éinḟeaċt linne do ṫaḃairt daoiḃ‐se, nuair foillseoċar an Tiġearna Íosa ó neaṁ, mar aon le h‐aingliḃ a ċuṁaċta,


Óir ba ċuiḃe do’n té, gur dó atá an uile niḋ, agus gur tríd atá an uile niḋ, ag taḃairt móráin clainne ċum glóire ḋó, príoṁ‐uġdar a slánuiġṫe d’ḟoirḃiú tré n‐ar ḟulaing sé.


Óir munar spáráil Dia na h‐aingle féin nuair do rinneadar peacaḋ, aċt gur ṫeilg sé síos go Tartarus iad, agus gur ċuir sé go h‐uaċaisiḃ dorċaċta iad, ċum iad do ċongḃáil fá ċóṁair an ḃreiṫeaṁnais;


Aċt Miċeál árd‐aingeal, ag conspóid leis an diaḃal dó, ag aiġneas fá ċorp Ṁaoise, níor láṁ sé a ċúisiú go masluiġṫeaċ, aċt aduḃairt, Go smaċtuiġiḋ an Tiġearna ṫú.


agus níor éiriġ an caṫ leo, agus ní fríṫ aon áit as sin amaċ dóiḃ ar neaṁ.


Agus do teilgeaḋ síos an dragún mór, an tsean‐naṫair niṁe, ar a dtugtar an Diaḃal agus Sátan, an té ṁeallas an saoġal ar fad; do teilgeaḋ síos é go dtalaṁ, agus do teilgeaḋ a aingle síos i n‐éinḟeaċt leis.


Agus tugaḋ de ċead dó cogaḋ do ċur ar na naoṁaiḃ, agus buaiḋ do ḃreiṫ orṫa: agus tugaḋ cuṁaċt dó os cionn gaċ treiḃe, agus pobail, agus teangan, agus ciniḋ.


Agus rug sé ar an dragún, an tsean‐naṫair niṁe, gur ab é an Diaḃal agus Sátan é, agus do ċeangail sé míle bliaḋain é,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan