Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 12:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus do ṫarraing a earball an treas cuid de réaltanaiḃ na spéire ’n‐a ḋiaiḋ, agus do ṫeilg sé ċum na talṁan iad: agus do ṡeasuiġ an dragún os cóṁair na mná do ḃí ar tí an leanḃ do ḃreiṫ, ċum go sluigfeaḋ sé an leanḃ ċóṁ luaṫ agus béarfaí é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus do ṫarruing a earball an treas cuid do réultuiḃ niṁe, agus do ṫeilg íad ċum na talṁan: agus do ṡeas an dragún a ḃfiaḋnuisi na mná do ḃí ré haḋuiġ a toirrċeasa de ḃreiṫ, ċum a leinḃ do ṡlugaḋ ḋó ar na ḃreiṫ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 12:4
22 Iomraidhean Croise  

Is ó ḃúr n‐Aṫair, an diaḃal, siḃ‐se, agus is é mian ḃúr n‐aṫar is toil liḃ do ḋéanaṁ. Dúnṁarḃṫóir ab eaḋ eisean ó ṫosaċ, agus níor ṡeas sé sa ḃfírinne, óir ní ḟuil fírinne ann. Nuair do‐ḃeir sé an t‐éiṫeaċ, is uaiḋ féin laḃras sé: óir is bréagaire é, is é aṫair an éiṫiġ é.


Biḋiḋ stuamḋa, biḋiḋ ar ḃur n‐aire; bíonn ḃur n‐áiḋḃeirseoir, an diaḃal, ag siuḃal ṫart timċeall mar leoṁan búirfeaḋaċ ar ṫóir an té ḟéadas sé a ṡlugaḋ.


Agus do ḃí cogaḋ ar neaṁ: Miċeál agus a aingle ag troid i h‐aġaiḋ an drágúin; agus do ṫroid an dragún agus a aingle:


Agus do teilgeaḋ síos an dragún mór, an tsean‐naṫair niṁe, ar a dtugtar an Diaḃal agus Sátan, an té ṁeallas an saoġal ar fad; do teilgeaḋ síos é go dtalaṁ, agus do teilgeaḋ a aingle síos i n‐éinḟeaċt leis.


Agus an t‐ainṁiḋe do ċonnacas, do ḃí sé cosṁail le liobard, agus ḃí a ċosa cosṁail le cosaiḃ maṫġaṁna, agus ḃí a ḃéal cosṁail le béal leoṁain: agus ṫug an dragún a neart, agus a árd‐ċaṫaoir, agus cuṁaċt ṁór dó.


agus d’aḋradar an dragún, toisc a ċuṁaċt do ṫaḃairt do’n ainṁiḋe, g‐á ráḋ, Cia leis gur cosṁail an t‐ainṁiḋe, agus cia h‐é ḟéadas cogaḋ do ċur air?


Agus do ċonnacas trí spioraidí neaṁ‐ġlana do ḃí cosṁail le luascánaiḃ, ag teaċt amaċ as béal an dragúin, agus as béal an ainṁiḋe, agus as béal an ḟáiḋ ḃréige:


Agus an ḃean do ċonnacais, ís í an ċaṫair ṁór í, go ḃfuil réimeas aici ar riġṫiḃ an doṁain.


Agus rug sé ar an dragún, an tsean‐naṫair niṁe, gur ab é an Diaḃal agus Sátan é, agus do ċeangail sé míle bliaḋain é,


Agus do ṡéid an treas aingeal, agus do ṫuit réalta ṁór ó neaṁ anuas, agus í ar dearg‐lasaḋ aṁail tóirse, agus do ṫuit sí ar an treas cuid de na h‐aiḃniḃ, agus ar ṫoibreaċaiḃ an uisce:


agus is é ainm na réaltan Mormónta: agus do rinneaḋ mormónta de’n treas cuid de na h‐uisciḃ; agus d’éag a lán daoine de ḋeascaiḃ na n‐uiscí, toisc iad d’éirġe searḃ.


Agus do ṡéid an ceaṫraṁaḋ h‐aingeal, agus do buaileaḋ an treas cuid de’n ġréin, agus an treas cuid de’n ġealaiġ, agus an treas cuid de na réaltanaiḃ; ċum go n‐éireoċaḋ an treas cuid díoḃ dorċa, agus go gcaillfeaḋ an lá an treas cuid d’á ṡolas, agus an oiḋċe mar an gcéadna.


Agus do ṡéid an ċéad aingeal, agus ṫáinig cloiċ‐ṡneaċta agus teine, meascṫa le fuil, ’n‐a ḋiaiḋ, agus do caiṫeaḋ iad ar an talaṁ: agus do dóiġeaḋ an treas cuid de’n talaṁ, agus do dóiġeaḋ an treas cuid de na crannaiḃ, agus do dóiġeaḋ an féar glas go h‐uile.


Agus do ṡéid an dara h‐aingeal, agus do teilgeaḋ mar ḃéaḋ cnoc mór d’á loscaḋ le teiniḋ isteaċ san ḃfairrge: agus do rinneaḋ fuil de’n treas cuid de’n ḟairrge:


agus d’éag an treas cuid de na rudaiḃ beo do ḃí san ḃfairrge, agus do scriosaḋ an treas cuid de na longaiḃ.


Do ḃi earbaill do ḃí cosṁail le scoirpiúnaiḃ, agus gaṫa aca; agus is ins na h‐earballaiḃ atá a gcuṁaċt ċum ḃeiṫ ag gortú daoine ar feaḋ cúig ṁí.


Óir is ’n‐a mbéalaiḃ agus ’n‐a h‐earballaiḃ atá cuṁaċt na n‐eaċ: óir atá a n‐earbaill cosṁail le naṫraċaiḃ niṁe, agus atá cinn orṫa; agus is leo‐san do‐ġní siad an doċar.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan