Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 12:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus do ċualas glór árd ar neaṁ, g‐á ráḋ, Anois atá slánuġaḋ, agus cuṁaċt, agus ríoġaċt ár nDé, agus cuṁaċt a Ċríost tagṫa: óir atá éiliġṫeoir ár mbráṫar teilgṫe síos, an té do ḃí g‐á n‐éiliú i ḃfiaḋnaise ár nDé de ló agus d’oiḋċe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Agus do ċúala mé gúṫ mór ar neaṁ, ag ráḋ, A nois atá slánuġaḋ, agus neart, agus ríoġaċd ar Ndéine, agus cuṁaċda a Ċríosdsan: óir do téilgeaḋ síos fear éiliġṫe ar ndearḃraiṫreaċ, noċ do ḃí ḋá néiliuġaḋ do ló agus doiḋċe a ḃfíaḋnuise ar Ndé.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 12:10
24 Iomraidhean Croise  

Aduḃairt Íosa leis, Aduḃrais é: aċt ċeana adeirim leat, Ċifiḋ siḃ Mac an Duine ’n‐a ṡuiḋe feasta ar ḋeas‐láiṁ na h‐uile‐ċuṁaċta, agus é ag teaċt ar néalltaiḃ neiṁe.


Agus ṫáinig Íosa ċuca agus do laḃair sé leo, g‐á ráḋ, Tugaḋ ḋaṁ‐sa gaċ cuṁaċt ar neaṁ agus ar talaṁ.


go dtigiḋ do ríoġaċt; go ndéantar do ṫoil ar an talaṁ mar do‐ġnítear ar neaṁ;


Agus aduḃairt sé leo, Nuair do‐ġní siḃ urnaiġe, abraiḋ, A Aṫair, Go naoṁṫar t’ainm. Go dtigiḋ do ríoġaċt.


A Ṡíomóin, a Ṡíomóin, féaċ, fuair Sátan cead siḃ‐se do ċriaṫairt mar ċruiṫneaċt:


i n‐ainm ár dTiġearna Íosa Críost, ar an duine do‐rinne an droċ‐ġníoṁ sin, fá mar ḃéinn i láṫair, ar mbeiṫ ḋaoiḃ‐se agus dom’ spiorad‐sa cruinn le ċéile, le cuṁaċt ár dTiġearna Íosa,


agus aduḃairt sé liom, Is leor duit mo ġrása: óir is i laige noċtar mo ċuṁaċt‐sa. Uime sin is móide ḋéanfad mórtas as mo laige, ċum go mbéiḋ cumas Ċríost mar ḋídean orm.


go mba ceart do na mnáiḃ aosta, leis, ḃeiṫ urramaċ ’n‐a n‐iomċar, gan ḃeiṫ bíodánaċ, gan an‐dúil ḃeiṫ aca san ḃfíon, ḃeiṫ ag taḃairt teagaisc ṁaiṫ;


Biḋiḋ stuamḋa, biḋiḋ ar ḃur n‐aire; bíonn ḃur n‐áiḋḃeirseoir, an diaḃal, ag siuḃal ṫart timċeall mar leoṁan búirfeaḋaċ ar ṫóir an té ḟéadas sé a ṡlugaḋ.


Agus do ṡéid an seaċtṁaḋ h‐aingeal; agus do ḃí glórṫa móra ar neaṁ, aduḃairt, Is le n‐ár dTiġearna, agus le n‐a Ċríost ríoġaċt an doṁain: agus riaġlóċaiḋ sé go saoġal na saoġal.


Agus an té ḃeireas buaiḋ, agus ċoiṁeádas m’oibreaċa go deireaḋ, do‐ḃéarfad dó‐san uġdarás os cionn na náisiún,


agus do ḃíodar g‐á ġlaoḋaċ amaċ de ġuṫ árd, Slánuġaḋ d’ár nDia atá ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir, agus do’n Uan.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan