Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 12:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do noċtaḋ cóṁarṫa mór san spéir; bean, agus an ġrian mar ċlúdaċ uirṫi, an ġealaċ fá n‐a cosaiḃ, agus coróin dá réalta déag ar a ceann;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus do taiḋḃreaḋ cóṁarṫa mór iongantaċ ar neaṁ; bean ar na héuduġaḋ ris an ngréin, agus an ġealaċ fá na cosuiḃ, agus coróin ḋá réult deug air a ceann:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 12:1
35 Iomraidhean Croise  

Annsin d’ḟreagair cuid de na scríoḃaiḋṫiḃ agus de na Fairisíneaċaiḃ, agus aduḃradar, A Ṁáiġistir, ba ṁian linn cóṁarṫa d’ḟeicsin uait.


agus annsin do‐ċífear cóṁarṫa Ṁic an Duine sa spéir: agus annsin caoiḋfiḋ ciniḋeaċa an doṁain, agus do‐ċífid Mac an Duine ag teaċt ar scamallaiḃ neiṁe le cuṁaċt agus le sárġlóir.


agus na cuṁaċta atá ins na flaiṫeasaiḃ, béiḋ siad d’á luascaḋ.


agus béiḋ creaṫa móra talṁan, agus gortaí agus pláiġeanna ’n‐a lán áiteann; agus béiḋ neiṫe uaṫḃásaċa ann, agus cóṁarṫaí móra ó’n spéir.


Agus béiḋ cóṁarṫaí i ngréin, agus i ré, agus i réaltanaiḃ; agus béiḋ anró ar talaṁ i measc na gcineaḋaċ, agus mearḃall orṫa ó ḟoṫram na fairrge agus na dtonn;


An té ag a ḃfuil an ḃainċéile is é an fear nua‐ṗósta é: aċt cara an ḟir nua‐ṗósta atá ’n‐a ṡeasaṁ ag éisteaċt leis, bíonn an‐áṫas air mar ġeall ar ġuṫ an ḟir nua‐ṗósta: d’á ḃriġ sin, an t‐áṫas atá orm‐sa atá sé iomlán.


Agus taisbeánfad iongantaisí san spéir ṫuas, Agus míorḃailtí ar an talaṁ ṫíos; Fuil, agus teine, agus gal deataiġ:


Aċt cuiriḋ umaiḃ an Tiġearna Íosa Críost, agus ná sanntuiġiḋ mianta na colna, ċum go ngéillfeaḋ siḃ dóiḃ.


is í sin fíréantaċt Dé tré ċreideaṁ i nÍosa Críost do na daoiniḃ ċreideas; óir níl aon idirḋealḃaḋ ann;


Óir atáim éadṁar liḃ le h‐éad diaḋa: óir ṫugas le pósaḋ siḃ d’ḟear aṁáin, ċum siḃ do ṫaḃairt mar ṁaiġdin gan smál do Ċríost.


Óir an méid díḃ do baisteaḋ i gCríost, do ċuir siḃ Críost mar ċlúdaċ oraiḃ féin.


Aċt an Iarúsalem atá ṫuas atá sí saor, agus is í ár máṫair í.


Aċt im’ ṫaoḃ‐sa, nár leigiḋ Dia go ndéanfainn maoiḋṁeaċas aċt aṁáin as crois Íosa Críost, tríd a ḃfuil an saoġal céasta ḋaṁ‐sa, agus mise do’n tsaoġal.


Rúindiaṁair ṁór is eaḋ í seo, aċt is iad Críost agus an eaglais atáim do ṁaoiḋeaṁ.


rúindiaṁair na seaċt réalta do ċonnacais im’ láiṁ ḋeis, agus na seaċt gcoinnleoir óir. Is iad na seaċt réaltana aingle na seaċt eaglais, agus is iad na seaċt gcoinnleoirí óir na seaċt h‐eaglaisí.


Agus do fosclaḋ teampall Dé ar neaṁ; agus do noċtaḋ airc a ċonnarṫa istiġ ’n‐a ṫeampall; agus do ḃí teinnteaċa, agus glórṫa, agus tóirneaċa, agus crioṫ talṁan, agus cloiċ‐ṡneaċta mór ann.


Agus do noċtaḋ cóṁarṫa eile san spéir; agus féaċ, dragún mór dearg, go raiḃ seaċt gcloigne agus deiċ n‐aḋarca aige, agus do ḃí seaċt gcoróineaċa ar na cloigniḃ.


Agus do ċonnacas cóṁarṫa mór eile ar neaṁ, cóṁarṫa mór, iongantaċ, seaċt n‐aingle agus seaċt bpláiġeanna aca, na pláiġeanna deireannaċa óir is leo‐san cóiṁlíontar díḃeirg Dé.


Agus do ḃí ḋá ḟoṫa déag fá’n gcaṫair, agus ḋá ainm déag ḋá abstal déag an Uain orṫa.


Agus ní ḟuil gáḃaḋ ag an gcaṫair leis an ngréin, ná leis an ngealaiġ ċum í do ṡoillsiú: óir soillsiġeann glóir Dé í, agus is é an tUan is solas di.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan