Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 11:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus nuair ḃéas a ḃfiaḋnaise críoċnuiġṫe aca, an t‐ainṁiḋe ṫig as an duiḃeagán, déanfaiḋ sé cogaḋ leo, agus buaiḋfiḋ sé orṫa, agus marḃóċaiḋ sé iad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus an tan ċrioċnóċuid síad a ḃfíaḋnuise, do ḋéunuiḋ an tainṁiḋe éirġeas ón bpoll duḃaigéin cogaḋ ríu, agus béuruiḋ sé buáiḋ orrṫa, agus muirfiḋ sé íad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 11:7
20 Iomraidhean Croise  

Agus aduḃairt sé leo, Imṫiġiḋ agus abraiḋ leis an sionnaċ sin, Féaċ, atáim ag cur deaṁan amaċ, agus ag déanaṁ leiġiseann indiu agus amáraċ, agus béiḋ deireaḋ liom an treas lá.


Agus d’impiḋeadar air gan a órdú ḋóiḃ dul síos san aiḃéis.


Ṫugas‐sa glóir ḋuit ar talaṁ, ag críoċnú na h‐oibre ṫugais dom le déanaṁ.


Agus nuair do ġlac Íosa an ḃínéigre, aduḃairt sé, Atá críoċnuiġṫe: agus do ċrom sé a ċeann, agus ṫug sé a anam uaiḋ.


Aċt ní h‐é m’anam is cás liom, mar ḃéaḋ cion agam air, aċt go gcóiṁlíonfad mo ċúrsa, agus an ṁiniostrálaċt fuaras ó’n Tiġearna Íosa soiscéal grása Dé do ċraoḃscaoileaḋ.


Do ṫroideas an cóṁrac maiṫ, do ṡroiċeas ceann cúrsa, do ċoiṁeádas an creideaṁ;


Agus do‐ḃéarfad de ċead dom’ ḃeirt ḟiaḋnaiḋe tarngaireaċt do ḋéanaṁ ar feaḋ míle, ḋá ċéad agus trí fiċid lá, agus éadaċ róin mar ċlúdaċ orṫa.


Agus d’éiriġ an dragún feargaċ leis an mnaoi, agus d’imṫiġ sé ċum cogaḋ do ċur ar an gcuid eile d’á slioċt, ar luċt coiṁeádta aiṫeanta Dé, go ḃfuil fiaḋnaise Íosa aca.


Agus do ċonnacas ainṁiḋe eile ag teaċt aníos as an talaṁ agus ḋá aḋairc do ḃí cosṁail le h‐aḋarcaiḃ uain aige, aċt do laḃair sé mar laḃarfaḋ dragún.


Agus tugaḋ de ċead dó cogaḋ do ċur ar na naoṁaiḃ, agus buaiḋ do ḃreiṫ orṫa: agus tugaḋ cuṁaċt dó os cionn gaċ treiḃe, agus pobail, agus teangan, agus ciniḋ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan