Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 11:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus do‐ḃéarfad de ċead dom’ ḃeirt ḟiaḋnaiḋe tarngaireaċt do ḋéanaṁ ar feaḋ míle, ḋá ċéad agus trí fiċid lá, agus éadaċ róin mar ċlúdaċ orṫa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus do ḃéura mé cúṁaċd dom ḋá fíaḋnuisiġe, agus béid síad ag faiḋeadóireaċd míle ḋá ċéud agus trí fiċid lá, ar na néuduġaḋ déuduiġiḃ róin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 11:3
43 Iomraidhean Croise  

Mairg duit, a Ċorásín! mairg duit, a Ḃétsáida! óir dá ndéantaiḋe i dTuire agus i Sídóin na gníoṁarṫa éaċtaċa do‐rinneaḋ ionnaiḃ‐se, is fad ó do‐ġéanaidís aiṫriġe fá éadaċ róin agus fá luaiṫ.


Aċ muna n‐éistiḋ sé leat, beir leat duine nó beirt eile, ionnas go seasfaiḋ gaċ focal ar ḟiaḋnaise béil beirte nó trír.


Is mairg duit, a Ċórasin! is mairg duit, a Ḃétsáida! óir dá ndéantaiḋe i dTuire agus i Sídóin na míorḃailte do rinneaḋ ionnaiḃ‐se, is fada ó ḃéaḋ aiṫriġe déanta aca, agus iad ’n‐a suiḋe i n‐éadaċ róin agus i luaiṫ.


Agus is fiaḋnaisí siḃ‐se ar na neiṫiḃ sin.


agus do‐ḃeir siḃ‐se, leis, fiaḋnaise, óir atá siḃ im’ ḟoċair ó ṫosaċ.


D’ḟreagair Eoin agus aduḃairt sé, Ní féidir le duine éinniḋ do ġlacaḋ muna dtugtar ḋó é ó neaṁ.


Aċt doġeoḃaiḋ siḃ neart nuair ṫiocfas an Spiorad Naoṁ oraiḃ: agus béiḋ siḃ ’n‐ḃúr ḃfiaḋnaiḋṫiḃ daṁ‐sa i nIarúsalem, agus i nIúdaea ar fad, agus i Samária, agus go foirimeall an doṁain.


agus do ḃí sé d’á ḟeicsin ar feaḋ mórán laeṫe aca‐san ṫáinig i n‐éinḟeaċt leis ó’n nGalilé go h‐Iarúsalem, iad‐san atá ’n‐a ḃfiaḋnaiḋṫiḃ ḋó i láṫair na ndaoine.


Ba é an t‐Íosa so do ṫóg Dia suas, agus is fiaḋnaiḋṫe sinne uile air.


agus do ṁarḃaḃar Uġdar na beaṫaḋ; do ṫóg Dia ó na marḃaiḃ; go ḃfuilmíd ’n‐ár ḃfiaḋnaiṫiḃ air.


Agus do ċeap Dia daoine san eaglais, abstail ar dtús, san dara h‐áit fáiḋí, san treas áit luċt teagaisc, luċt déanta míorḃal annsin, buaiḋ an leiġis ’n‐a ḋiaiḋ sin, buaiḋ na caḃraċ, buaiḋ an riarṫa, buaiḋ na dteangṫaċ.


Is í seo an treas uair dom ag teaċt ċugaiḃ. Ar ḟiaḋnaise beirte nó triúir bunóċar gaċ focal.


Agus ṫug sé daoine áiriṫe ċum ḃeiṫ ’n‐a n‐abstalaiḃ; cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a ḃfáiḋiḃ; cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a soiscéalaiḋṫiḃ; agus cuid ċum ḃeiṫ ’n‐a n‐aoḋaraiḃ agus ’n‐a dteagascṫóiriḃ;


agus ó Íosa Críost, an fiaḋnaiḋe fírinneaċ, an ċéid‐ġein ó na marḃaiḃ, agus árd‐rí riġṫe na talṁan. Do’n té ġráḋuiġeas sinn, agus do scaoil ó n‐ár bpeacaiḋiḃ le n‐a ḟuil féin sinn;


Agus leig ṫart an ċúirt atá taoḃ amuiġ de’n teampall, agus ná tóṁais í: óir atá sí taḃarṫa do na ciniḋeaċaiḃ: agus gaḃfaiḋ siad‐san de ċosaiḃ ar an naoṁ‐ċaṫair ar feaḋ ḋá ṁí agus dá‐ḟiċid.


Atá ar ċumas dóiḃ an spéir do ḋúnaḋ, ċum naċ dtuitfiḋ aon ḃáisteaċ ar feaḋ laeṫe a dtarngaireaċta: agus atá ar ċumas dóiḃ na h‐uiscí d’aṫrú ’n‐a ḃfuil, agus an talaṁ do ḃualaḋ le gaċ saġas pláiġe, ċóṁ minic agus is áil leo.


Agus do ṫeiċ an ḃean isteaċ san ḃfásaċ, mar a ḃfuil áit fá n‐a cóṁair ullaṁ ag Dia ḋi, ċum go mbeaṫóċaiḋe í annsin ar feaḋ míle, ḋá ċéad agus trí fiċid lá.


Agus tugaḋ béal dó ag laḃairt go mór‐ṁaoiḋteaċ, masluiġṫeaċ; agus tugaḋ de ċuṁaċt dó ḃeiṫ ag oibriú ar feaḋ ḋá ṁí agus dá‐ḟiċid.


Agus do ṫuiteas síos ag a ċosaiḃ ċum aḋraḋ do ḋéanaṁ ḋó; aċt aduḃairt seisean liom, Seaċain, ná déan é: is cóiṁ‐ṡeirḃíseaċ leat‐sa mé, agus led’ ḃráiṫriḃ go ḃfuil fiaḋnaise Íosa aca: déan aḋraḋ do Ḋia, óir is í fiaḋnaise Íosa spiorad na tarngaireaċta.


Agus do ċonnacas árd‐ċaṫaoireaċa; agus duine ’n‐a suiḋe ionnta go dtugaḋ de ċead dóiḃ breiṫeaṁnas do ṫaḃairt: agus do ċonnacas anmanna na ndaoine do di‐ċeannuiġeaḋ ar son fiaḋnaise Íosa, agus ar son briaṫair Dé, agus naċ dtug aḋraḋ do’n ainṁiḋe, ná d’á íoṁáiġ, agus nár ġlac ċuca a marc ar ċlár a n‐éadain, ná ar a láiṁ; agus ṫángadar ’n‐a mbeaṫaiḋ, agus do riaġluiġeadar i ḃfoċair Íosa míle bliaḋain.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan