Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 10:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus aduḃraḋ liom, Caiṫfiḋ tú tarngaireaċt do ḋéanaṁ fós i dtaoḃ a lán poibleaċa, agus ciniḋeaċ, agus teangṫaċ, agus riġṫe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus a duḃairt sé ríom, is éigean duit fáiḋeadóireaċd do ḋéunaṁ a rís a ḃfíaḋnuise a niomad ṗuibleaċa, agus ċineaḋaċa, agus ṫeangṫa, agus ṁoráin ríġteaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 10:11
13 Iomraidhean Croise  

Agus do ġlacas an leaḃar beag as láiṁ an aingil, agus do ṡluigeas siar é; agus do ḃí sé ċóṁ milis le mil im’ ḃéal, aċt nuair do ḃí sé iṫte agam, do rinneaḋ mo ḃolg searḃ.


Agus tugaḋ ḋom giolcaċ do ḃí cosṁail le slait: agus aduḃraḋ liom, Éiriġ, tóṁais teampall Dé, agus an altóir, agus na daoine atá ag aḋraḋ annsin.


Agus béiḋ daoine de gaċ treiḃ, agus de gaċ teangain, agus de gaċ cineaḋ ag dearcaḋ ar a gcorpaiḃ ar feaḋ trí lá go leiṫ, agus ní leigfiḋ siad d’á gcorpaiḃ ḃeiṫ g‐á gcúr i dtuama.


Agus do ċonnacas aingeal eile ar eiteall i lár na spéire, agus soiscéal síorraiḋe aige le n’ḟógairt do luċt áitreaḃa na talṁan, agus do gaċ cineaḋ, agus treiḃ, agus teangain, agus pobal;


agus is seaċt riġṫe iad, leis; atá cúig cinn díoḃ tuitṫe ar lár, atá ceann aṁáin díoḃ beo, ní ḟuil an ceann eile tagṫa fós; agus nuair ṫiocfas sé, caiṫfiḋ sé fanaṁain tamall beag.


Agus na deiċ n‐aḋarca do ċonnacais, is deiċ riġṫe iad naċ ḃfuair ríoġaċt fós; aċt go‐ġeiḃ siad cuṁaċt mar riġṫe, ar feaḋ uaire, i n‐éinḟeaċt leis an ainṁiḋe.


Agus aduḃairt sé liom, Na h‐uiscí úd do ċonnacais, mar a ḃfuil an ṁéirdeaċ ’n‐a suiḋe, is poibleaċa, agus sluaiġte, agus ciniḋeaċa, agus teangṫaċa iad.


Agus do ċanadar aṁrán úr‐nua, g‐á ráḋ, Is fiú ṫusa an leaḃar do ġlacaḋ agus a ṡéalaí d’ḟoscailt: de ḃriġ gur marḃaḋ ṫú, agus gur ċeannuiġis do Ḋia led’ ḟuil daoine de gaċ treiḃ, agus de gaċ teangain, agus de gaċ pobal, agus de gaċ cineaḋ,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan