Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 10:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do ċonnacas aingeal tréan eile ag teaċt anuas ó neaṁ, néall mar ċlúdaċ air, agus boġa ceaṫa os a ċionn, agus do ḃí a ġnúis cosṁail leis an ngréin, agus ḃí a ċosa cosṁail le colaṁnaiḃ téineaḋ;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus do ċonnairc mé aingeal neartṁar eile ag teaċd a núas ón neaṁ, ar na éuduġaḋ do néul: agus an bóġa uisge ar a ċeánn, agus a aġuiḋ mar an ngréin, agus a ċosa cosṁuil ré colamnuiḃ teineaḋ:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 10:1
28 Iomraidhean Croise  

agus do ṡoillsiġ a ġnúis ar nós na gréine, agus d’éiriġ a éadaiġe ċóṁ geal leis an solas.


Agus annsin do‐ċífid Mac an Duine ag teaċt i scamall le cuṁaċt agus le glóir ṁóir.


ar uair an ṁeaḋon‐lae, a rí, do ċonnacas ar an tsliġe ḋom solas ó neaṁ, ba ġile ’ná lonnraḋ na gréine, ag soillsiú im’ ṫimċeall‐sa agus i dtimċeall na ndaoine do ḃí ag taisteal i n‐éinḟeaċt liom.


Féaċ, atá sé ag teaċt leis na néalltaiḃ; agus ċífiḋ gaċ súil é, agus an dream do rop é; agus caoinfiḋ treaḃa uile an doṁain d’á ḃárr. Mar sin ḃéas. Amen.


Tar éis na neiṫe seo do ċonnacas aingeal eile ag teaċt anuas ó neaṁ, agus cuṁaċt ṁór aige; agus do lonnruiġ an talaṁ le n‐a ġlóir.


Agus do ṫóg aingeal tréan‐láidir cloċ do ḃí cosṁail le cloiċ ṁóir ṁuilinn, agus do ṫeilg sé isteaċ san ḃfairrge í, g‐á ráḋ, Mar seo is eaḋ leagfar go tréan‐aḋḃal Baibilóin, an ċaṫair ṁór, agus ní ḃéiḋ sí le fáġáil arís go deoiḋ.


Agus do ċonnacas aingeal ag teaċt anuas ó neaṁ, agus eoċair an duiḃeagáin agus slaḃraḋ mór ’n‐a láiṁ aige.


agus an té do ḃí ’n‐a ṡuiḋe is aṁlaiḋ do ḃí sé mar ḃéaḋ cloċ iaspair agus sáird: agus i dtimċeall na riġ‐ċaṫaoireaċ do ḃí boġa ceaṫa, mar ḃéaḋ cloċ smaragaid le féaċain air.


Agus do ċonnacas aingeal tréan‐láidir g‐á ḟógairt de ġuṫ árd, Cia h‐é gur fiú é an leaḃar d’ḟoscailt agus a ṡéalaí do scaoileaḋ?


Agus do ḋearcas, agus do ċualas iolar aonair ar eiteall i lár na spéire, g‐á ráḋ de ġuṫ árd, Mairg, mairg, mairg, do luċt áitreaḃa na talṁan, mar ġeall ar ġlórṫaiḃ eile na stoc atá le séideaḋ fós ag na trí h‐aingliḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan