Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 1:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 is mise an tosaċ agus an deireaḋ, agus an Té biṫ‐ḃeo; agus do ḃíos marḃ, agus féaċ, atáim beo go saoġal na saoġal, agus atá eoċraċa báis agus ifrinn agam.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Agus an tí atá beó, giḋ go raiḃ mé marḃ; agus, féuċ, atáim beo go sáoġal na sáoġal, Amén; agus atáid eoċraċa ifrinn agus an ḃáis agam.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 1:18
32 Iomraidhean Croise  

Agus tusa, a Ċafarnaúim, an suas go neaṁ árdóċar ṫú? síos go h‐ifreann ísleoċar ṫú: óir dá ndéantaiḋe i Sodom na gníoṁarṫa éaċtaċa do‐rinneaḋ ionnat‐sa, d’ḟanfaḋ sé ann go dtí an lá so.


Do‐ḃéarfad duit eoċraċa ríoġaċta na ḃflaiṫeas: agus cibé niḋ ċeanglóċas tú ar talaṁ, ceanglóċar é ar neaṁ: agus cibé niḋ scaoilfeas tú ar talaṁ, scaoilfear é ar neaṁ.


agus do ḃí scannraḋ orṫa, agus do ċromadar a n‐aiġṫe ċum na talṁan, agus aduḃradar‐san leo, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag lorg an ḃeo i measc na marḃ?


Aduḃairt Íosa léi, Is mise an aiséirġe agus an ḃeaṫa: cibé ċreideas ionnam‐sa, má ġeiḃ sé bás féin, mairfiḋ sé:


Tamall beag eile, agus ní ḟeicfiḋ an saoġal mé feasta; aċt do‐ċífiḋ siḃ‐se mé: óir átáim beo, agus béiḋ siḃ‐se beo mar an gcéadna.


mar tá a ḟios againn, ó tógaḋ Críost ó na marḃaiḃ, naċ ḃfuil an bás i ndán dó ’n‐a ḋiaiḋ sin; ní ḟuil tiġearnas a ṫuilleaḋ ag an mbás air.


Óir má’s fíor gur céasaḋ é tré laige, maireann sé beo tré ċuṁaċt Dé. Óir atáimíd féin lag i n‐éinḟeaċt leis, aċt mairfimíd beo i n‐éinḟeaċt leis de ḃárr cuṁaċta Dé ’n‐ḃur dtaoḃ.


Do céasaḋ mé mar aon le Críost; agus ní mise ṁaireas beo anois, aċt Críost atá beo ionnam: agus an saoġal ċaiṫim san gcorp, is tré ċreideaṁ ċaiṫim é, creideaṁ i Mac Dé, do ġráḋuiġ mé, agus ṫug é féin ar mo ṡon.


Óir d’éagaḃar, agus atá ḃur mbeaṫa foluiġṫe mar aon le Críost i nDia.


Is é lonnraḋ a ġlóire é, agus is é cló a nádúire é, is é congḃuiġeas gaċ uile niḋ le ċéile le briaṫar a ċuṁaċta; nuair do ḃí na peacaiḋe glanta aige, do ṡuiḋ sé síos ar ḋeas‐láiṁ na Mórḋaċta i n‐áirde;


ag féaċaint ċum Íosa, príoṁ‐uġdar agus críoċnuiġṫeoir ár gcreidiṁ; an té d’ḟulaing an ċroċ, ar son an áṫais do cuireaḋ roiṁe, do ċuir neaṁ‐ṡuim san náire, agus atá ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeis riġ‐ċaṫaoireaċ Dé.


do rinneaḋ, níorḃ é do réir dliġe aiṫne saoġalta, aċt do réir cuṁaċta beaṫaḋ síor‐ḃuaine:


D’á ḃriġ sin atá ar ċumas dó na daoine ṫig ċum Dé tríd do ṡlánú ar fad, de ḃriġ go maireann sé beo i gcóṁnaiḋe ċum eadarġuiḋe do ḋéanaṁ ar a son.


agus do ḋearḃuiġ sé ar an té ṁaireas go saoġal na saoġal, an té do ċruṫuiġ neaṁ agus a ḃfuil ann, agus an talaṁ agus a ḃfuil ann, agus an ḟairrge agus a ḃfuil innti,


Agus ṫug ceann de na ceiṫre h‐ainṁiḋṫiḃ seaċt soiṫiġe óir do na seaċt n‐aingliḃ, agus iad lán de ḋíḃeirg Dé ṁaireas go saoġal na saoġal.


Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i Smiorna; Is é adeir an tosaċ agus an deireaḋ, do ḃí marḃ, agus atá beo:


Agus ṫug an ḟairrge uaiṫi na mairḃ do ḃí innti; agus ṫug an bás agus Hádes uaṫa na mairḃ do ḃí ionnta: agus tugaḋ breiṫeaṁnas ar gaċ aon duine aca do réir a ġníoṁarṫa.


Agus do teilgeaḋ an bás agus Hádes amaċ i loċ na teineaḋ. Is é seo an dara bás.


Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i ḃFiladelfia; Is é adeir an té atá naoṁṫa, an té atá fíor, an té go ḃfuil eoċair Ḋáiḃí aige, an té ḟosclas, agus ní dúntar ’n‐a ḋiaiḋ; té ḋúnas, agus ní foscailtear ’n‐a ḋiaiḋ:


Agus nuair ḃeireas na h‐ainṁiḋṫe glóir agus onóir agus buiḋeaċas do’n té atá ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir, do’n té ṁaireas go saoġal na saoġal,


Agus aduḃairt na ceiṫre h‐ainṁiḋṫe, Amen. Agus do ṫuit na seanóirí síos agus do rinneadar aḋraḋ.


Agus do ḋearcas, agus féaċ, capall liaṫḃán: agus an té do ḃí ar muin air, is é an Bás dob’ ainm dó; agus do lean Hádes ’n‐a ċuideaċtain. Agus tugaḋ cuṁaċt dóiḃ ar an gceaṫraṁaḋ cuid de’n talaṁ, ċum ḃeiṫ ag marḃaḋ leis an gclaiḋeaṁ, agus leis an ngorta, agus leis an bpláiġ, agus le h‐ainṁiḋṫiḃ allta na talṁan.


Agus do ṡéid an cúigeaḋ h‐aingeal, agus do ċonnacas réalta do ṫuit ó neaṁ anuas ar an talaṁ:


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan