Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 1:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Agus nuair do ċonnacas é, do ṫuiteas ag a ċosaiḃ mar ḃéinn marḃ. Agus do leag seisean a láṁ ḋeas orm, g‐á ráḋ, Ná bíoḋ aon eagla ort;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Agus an tan do ċonnairc mé é, do ṫuit mé síos agá ċosuiḃ a rioċd ṁairḃ. Agus do ċuir seision a láṁ ḋeas oram, ag ráḋ riom, Ná bíoḋ eagla ort; as míse an céidneaċ agus an neaċ deiġeanaċ:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 1:17
30 Iomraidhean Croise  

Aċt do laḃair Íosa leo ar an láṫair, agus aduḃairt sé, Bíoḋ meisneaċ agaiḃ; is mise atá ann; ná bíoḋ eagla oraiḃ.


agus le h‐eagla roiṁe ḃí an luċt coiṁéadṫa ar crioṫ, agus ḃíodar i rioċt daoine marḃ.


Agus d’ḟreagair an t‐aingeal agus aduḃairt sé leis na mnáiḃ, Ná bíoḋ aon eagla oraiḃ: tá a ḟios agam go ḃfuil siḃ ar lorg Íosa, an té do céasaḋ.


Agus do ḃí ag an mbórd duine d’á ḋeisceablaiḃ, do b’ionṁain le h‐Íosa, ’n‐a luiġe ar uċt Íosa.


Agus ar iompoḋ do Ṗeadar do ċonnaic sé an deisceabal ba ionṁain le h‐Íosa ag leanaṁain; an té do ṡín ’n‐a uċt ag an suipéar, an té aduḃairt, A Ṫiġearna, cia h‐é ḃraiṫfeas ṫú?


g‐á ráḋ, An méid do‐ċí tú, scríoḃ i leaḃar é, agus cuir ċum na seaċt n‐eaglais é; ċum Eiféise, agus ċum Smiorna, agus ċum Pergamum, agus ċum Tuatíra, agus ċum Sárdis, agus ċum Filadelfia, agus ċum Laodicia.


EOIN ċum na seaċt n‐eaglais atá san Áise: Grása agus síoṫċáin daoiḃ ó’n té atá ann, agus do ḃí ann, agus atá ag teaċt; agus ó na seaċt Spioraidiḃ atá os cóṁair a riġ‐ċaṫaoireaċ;


Is mise an t‐Alfa agus an t‐Ómega, adeir an Tiġeara Dia, an té atá ann, agus do ḃí ann, agus atá ag teaċt, an tUile‐ċuṁaċtaċ.


Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i Smiorna; Is é adeir an tosaċ agus an deireaḋ, do ḃí marḃ, agus atá beo:


Is mise an tAlfa agus an tÓmega, an príoṁṫús agus an foirceann, an tosaċ agus an deireaḋ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan