Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Taisbeunaḋ 1:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Taisbeánaḋ Íosa Críost, ṫug Dia ḋó ċum na neiṫe atá le teaċt ċum críċe go luaṫ d’ḟoillsiú d’á ṡeirḃíseaċaiḃ; agus do noċt d’á ṡeirḃíseaċ Eoin iad le teaċtaireaċt aingil,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Taisbeunaḋ Iósa Críosd, noċ tug Día ḋó, ċum na neiṫeann is éigean do ḃeiṫ ann go lúaṫ dfoillsiuġaḋ ḋá ṡearḃḟoġantuiġiḃ; agus ar gcur ṫeaċdaireaċda úaḋ ré na aingeal dó do ṫaisbéin sé dá ṡearḃḟoġantuiġe Eóin:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Taisbeunaḋ 1:1
30 Iomraidhean Croise  

Óir ní h‐uaim féin do laḃras‐sa; aċt an t‐Aṫair do ċuir uaiḋ mé, ṫug sé órdú ḋom, céard adéarfainn, agus céard do laḃarfainn.


Ní seirḃísiġ ġlaoḋaim oraiḃ feasta; óir ní h‐eol do’n tseirḃíseaċ céard do‐ġní a ṫiġearna: aċt ṫugas cáirde oraiḃ; óir gaċ a gcualas óm’ Aṫair ṫugas le fios daoiḃ‐se.


óir na briaṫra ṫugais dom, ṫugas dóiḃ‐sean iad, agus do ġlacadar iad, agus do ḃí a ḟios aca go fíor gur ab uait‐se ṫáinig mé, agus do ċreideadar gur tusa do ċuir uait mé.


An méid do ċonnaic agus do‐ċuala sé, do‐ḃeir sé fiaḋnaise air.


Atá mórán agam le ráḋ agus le breaṫnú ’n‐ḃúr dtaoḃ: aċt an té do ċuir uaiḋ mé atá sé fíor; agus na neiṫe do‐ċualas uaiḋ‐sean, is iad sin na neiṫe laḃraim leis an saoġal.


Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó siḃ do ḋaingniú do réir mo ṡoiscéil‐se, agus do réir seanmóireaċta Íosa Críost, do réir foillsiġṫe na rúndiaṁaire do cóngḃuiġeaḋ fá ċeilt leis na ciantaiḃ,


Óir ní ó’n duine fuaras é, agus níor múineaḋ é ḋom, aċt ṫáinig sé ċugam tré ṫaisbeánaḋ Íosa Críost.


cionnas mar foillsiġeaḋ an rúindiaṁair tré ṫaisbeánaḋ ḋom, mar scríoḃas ċeana go h‐aiṫġearr,


Pól, seirḃíseaċ Dé, agus abstal Íosa Críost, do réir creidiṁ muinntire toġṫa Dé, agus do réir eolais na fírinne atá do réir cráḃaiḃ,


D’á ḃriġ sin scríoḃ na neiṫe do ċonnacais, agus ná neiṫe atá ann, agus na neiṫe atá le ḃeiṫ ann ’n‐a ḋiaiḋ seo;


Mise Eoin, ḃur mbráṫair agus ḃur gcóṁṗáirtiḋe san anró, agus san ríoġaċt, agus san ḃfad‐ḟulang atá i hÍosa, do ḃíos‐sa san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briaṫair Dé, agus ar son fiaḋnaise Íosa.


Agus ṫáinig aingeal de na seaċt n‐aingliḃ go raiḃ na seaċt soiṫiġe aca, agus do laḃair sé liom, g‐á ráḋ, Gaḃ i leiṫ, taisbeánfad duit breiṫeaṁnas na méirdriġe móire atá suiḋte ar uisciḃ iomḋa.


Agus do ṫuiteas síos ag a ċosaiḃ ċum aḋraḋ do ḋéanaṁ ḋó; aċt aduḃairt seisean liom, Seaċain, ná déan é: is cóiṁ‐ṡeirḃíseaċ leat‐sa mé, agus led’ ḃráiṫriḃ go ḃfuil fiaḋnaise Íosa aca: déan aḋraḋ do Ḋia, óir is í fiaḋnaise Íosa spiorad na tarngaireaċta.


Agus aduḃairt sé liom, Scríoḃ, Is beannuiġṫe na daoine fuair cuireaḋ ċum suipéir bainse an Uain. Agus aduḃairt sé liom, Briaṫra fírinneaċa Dé is eaḋ iad so.


Agus do ċonnacas an naoṁ‐ċaṫair, Iarúsalem nua, ag teaċt anuas ó Ḋia as na flaiṫeasaiḃ, í gléasta mar ḃéaḋ bean nua‐ṗósta maisiġṫe fá ċóṁair a fir.


Agus ṫáinig aingeal de na seaċt n‐aingliḃ go raiḃ na seaċt soiṫiġe líonta de na seaċt bpláiġeannaiḃ deireannaċa aige; agus do laḃair sé liom, g‐á ráḋ, Gaḃ i leiṫ, taisbeánfad duit an ḃean nua‐ṗósta, bean an Uain.


Agus do ṫaisbeáin sé ḋom aḃa uisce na beaṫaḋ, ċóṁ deallraṁaċ le criostal, ag teaċt amaċ ó riġ‐ċaṫaoir Dé agus an Uain.


Atá m’aingeal curṫa agam‐sa, Íosa, ċum na neiṫe seo do ḋearḃú ḋaoiḃ ins na h‐eaglaisiḃ. Is mise fréaṁ agus slioċt Dáiḃí, réalta ġlé‐ġeal na maidne.


Agus aduḃairt sé liom, Atá na briaṫra so ionnraic, fírinneaċ; an Tiġearna, Dia spiorad na ḃfáiḋ, do ċuir sé a aingeal uaiḋ ċum na neiṫe atá le teaċt ċum críċe go luaṫ do noċtaḋ d’á ṡeirḃíseaċaiḃ.


Agus is mise Eoin do ċuala agus do ċonnaic na neiṫe seo. Agus nuair ċualas agus ċonnacas, do ṫuiteas síos ag aḋraḋ roiṁ ċosaiḃ an aingil do ṫaisbeáin na neiṫe seo ḋom.


Agus aduḃairt seisean liom, Seaċain, ná déan é: is cóiṁ‐ṡeirḃíseaċ leat‐sa mé, agus led’ ḃráiṫriḃ, ná fáiḋe, agus leis an dream ċoiṁeádas briaṫra an leaḃair seo; déan aḋraḋ do Ḋia.


’N‐a ḋiaiḋ sin do ḋearcas, agus féaċ, doras ar ḟoscailt ar neaṁ, agus an ċéad guṫ do ċualas do ḃí sé mar ḃéaḋ fuaim stuic ag laḃairt liom, g‐á ráḋ, Gaḃ aníos annso, agus taisbeánfad duit na neiṫe atá le teaċt ċum críċe ’n‐a ḋiaiḋ seo.


do cuireaḋ amaċ ar fud an doṁain uile. Agus ṫáinig sé, agus do ġlac sé an leaḃar as láiṁ ḋeis an té do ḃí ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan