Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Séamas 4:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Druidiḋ le Dia, agus druidfiḋ seisean liḃ. Niġiḋ ḃur láṁa, a ṗeacaċa, agus glanaiḋ ḃur gcroiḋeaċa go h‐iomlán, a luċt an dá ċóṁairle.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Druidiġ ré Día, agus druidfé sé riḃ. Glanuiḋ ḃur láṁa, a ṗeacaċa; agus glanuiġ ḃur gcroíḋṫe, a luċd na dá intinne.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Séamas 4:8
44 Iomraidhean Croise  

Déanaiḋ an crann maiṫ agus a ṫoraḋ maiṫ; nó déanaiḋ an crann loḃṫa agus a ṫoraḋ loḃṫa: óir ar a ṫoraḋ is eaḋ aiṫniġtear an crann.


Cad ċuige a sáruiġeann do ḋeisceabail‐se gnáiṫ‐ċleaċta na seanóir? óir ní niġeann siad a láṁa nuair ḃíos siad ag caiṫeaṁ biḋ.


Agus nuair do ċonnaic Píoláid naċ raiḃ aon ṁaiṫ ḋó ann, aċt go raiḃ gleo ag éirġe, do ġlac sé uisce ċuige, agus do niġ sé a láṁa i ḃfiaḋnaise an tsluaiġ, g‐á ráḋ, Ní ḟuilim‐se cionntaċ i ḃfuil an ḟíréin seo: féaċaiḋ‐se ċuige.


agus ní ḋearna sé deifriḋeaċt ar biṫ idir sinne agus iad‐san ag glanaḋ a gcroiḋe le creideaṁ.


Ó ṫárla na geallaṁnaċa sin ḃeiṫ againn, a ċáirde ionṁaine, glanaimís dínn féin gaċ smál colna agus spioraid, ag cur naoṁaċta i gcríċ i n‐eagla Dé.


Is mian liom, d’á ḃriġ sin, go ndéanfaḋ na fir urnaiġe san uile áit, agus láṁa beannuiġṫe i n‐áirde aca, gan fearg, gan aiġneas.


druidimís i ḃfoigseaċt dó, le fírinne croiḋe, agus an creideaṁ daingniġṫe ’n‐ár n‐aigne, agus ár gcroiḋeaċa glanta ó ḋroċ‐ċoinsias, agus ár gcorp niġte le fíor‐uisce:


gan tairḃe (óir níor ċuir an dliġe éinniḋ i gcríċ), agus atá dóċas is fearr ’ná í, tré n‐a ndruidimíd i ngiorraċt do Ḋia, d’á ṫaḃairt isteaċ.


corraċ ’n‐a ṡliġṫiḃ uile is eaḋ é.


Aċt an eagnaiḋeaċt atá ó neaṁ anuas, i gcéadóir atá sí glan‐úr, síoṫċánta, leis sin, ceannsa, so‐ċóṁairleaċ, gan cealg, gan fimíneaċt.


Ó ṫárla ḃur n‐anmanna ḃeiṫ glanta ag uṁlú do’n ḟírinne ḋaoiḃ, ċum fíor‐ġráḋ na mbráṫar do ċoṫú, taḃraiḋ gráḋ ó ċroiḋe go dúṫraċtaċ d’á ċéile:


Is é a ṡaṁail sin an baiste ṡlánuiġeas sinne anois, ní h‐é glanaḋ salaċair an ċuirp, aċt freagairt deaġ‐ċoinsiais do Ḋia, tré aiséirġe Íosa Críost;


Agus gaċ aoinneaċ go ḃfuil an dóċas so ann glanann sé é féin, fá mar tá seisean glan.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan