Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Séamas 4:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Cad as na cogaiḋe agus na caṫa éiriġeas eadraiḃ? Naċ as so ṫig siad, as ḃur n‐ainṁiantaiḃ ḃíos ag troid le ċéile ’n‐ḃur mballaiḃ beaṫaḋ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Cread as á néirġid cogṫa agus coṁruic eadruiḃ? a né naċ úaḋ so, eaḋon ó ḃur nanntoiluiḃ féin ḃíos ag caṫúġaḋ ann ḃur mballuiḃ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Séamas 4:1
24 Iomraidhean Croise  

Óir is as an gcroiḋe amaċ ṫig droċ‐smaointe, dúnṁarḃaḋ, aḋaltrannas, scriapaċas, gadaiḋeaċt, fiaḋnaise éiṫiġ, dia‐ṁaslaḋ:


Is ó ḃúr n‐Aṫair, an diaḃal, siḃ‐se, agus is é mian ḃúr n‐aṫar is toil liḃ do ḋéanaṁ. Dúnṁarḃṫóir ab eaḋ eisean ó ṫosaċ, agus níor ṡeas sé sa ḃfírinne, óir ní ḟuil fírinne ann. Nuair do‐ḃeir sé an t‐éiṫeaċ, is uaiḋ féin laḃras sé: óir is bréagaire é, is é aṫair an éiṫiġ é.


aċt ċím dliġe eile im’ ḃallaiḃ, ag cur i gcoinniḃ dliġe m’intinne, agus gam’ ṫaḃairt i mbraiġdeanas fá ḋliġe an ṗeacaiḋ atá im’ ḃallaiḃ.


Óir nuair ḃíomar fá réimeas na colna, na h‐ainṁianta peacaṁla do ḃí d’ár mbrostú ag an dliġe, do ḃídís ag oibriú ’n‐ár mballaiḃ ċum go dtiuḃraidís toraḋ do’n ḃás.


mar náiṁdeas i n‐aġaiḋ Dé is eaḋ an meon colnaiḋe; óir ní uṁluiġeann sé do ḋliġe Dé, agus ċeana, ní ḟéadann sé uṁlú:


Óir bíonn mianġas na colna ag cur i gcoinniḃ an Spioraid, agus bíonn an Spiorad ag cur i gcoinniḃ mianġais na colna; mar tá siad i n‐aġaiḋ a ċéile; ar ṁóḋ naċ ḃféadann siḃ na neiṫe dob’ áil liḃ do ḋéanaṁ.


Uime sin marḃuiġiḋ ḃur mbaill atá ar talaṁ; striapaċas, neaṁ‐ġlaine, ainṁianta, droċ‐ċlaonta, agus sainnt — íoḋal‐aḋraḋ is eaḋ í;


Aċt diúltaiġ do ċeisteannaiḃ diṫ‐céilliḋe, diṫ‐léiġeanta, agus a ḟios agat go mbrostuiġeann siad bruiġean.


Óir do ḃíomar féin diṫ‐céilliḋe tráṫ, easuṁal, ag dul ar fan, fá smaċt ag ainṁiantaiḃ agus ag áineasaiḃ éagsaṁla, ag caiṫeaṁ ár saoġail le droċ‐rún agus le formad, fuaṫṁar agus sinn ag taḃairt fuaṫa d’á ċéile.


aċt seaċain baoiṫ‐ċeisteanna, agus geinealaiġ, agus aiġneas, agus conspóidí i dtaoḃ an dliġe; óir atáid gan tairḃe, gan éifeaċt.


aċt is aṁlaiḋ curtar caṫú ar gaċ duine nuair ṫarraingeas agus ḃréagas a ainṁianta féin é.


Iarrann siḃ, agus ní ḟaġann siḃ, de ḃriġ go n‐iarrann siḃ go h‐olc, ċum ḃur n‐ainṁianta do ṡásaṁ.


mar ḋéanfaḋ clann uṁal, gan géilleaḋ do na sean‐ainṁiantaiḃ do ċleaċtaḃar ’n‐ḃur n‐ainḃfios;


A ċáirde ionṁaine, impiḋim oraiḃ, mar ḋeoraiḋṫe agus mar oiliṫriġ, staonaḋ ó na h‐ainṁiantaiḃ colnaiḋe do‐ġní troid i n‐aġaiḋ an anma.


Óir, ag laḃairt do mórḋálaċ as baoṫ‐ċainnt dóiḃ, bréagaid le h‐ainṁiantaiḃ na colna, le fonn macnais, na daoine atá ag éalóḋ ó’n dream atá ag siuḃal ar mearḃall:


agus a ḟios agaiḃ ar dtús go dtiocfaiḋ luċt magaiḋ le sgige ins na laeṫiḃ deireannaċa, ag leanaṁain d’á n‐ainṁiantaiḃ féin,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan