Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Séamas 2:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Éistiḋ, a ḃráiṫre ionṁaine, nár ṫóg Dia boċta an tsaoġail ċum ḃeiṫ saiḋḃir fá ċreideaṁ agus ċum ḃeiṫ ’n‐a oiḋriḃ de’n ríoġaċt atá geallta aige do na daoiniḃ ġráḋuiġeas é?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Eisdiġ, a ḋearḃráiṫre gráḋaċa, A né nár ṫoġ Día boiċd an tsáoġailse, sáiḋḃir a gcreideaṁ, agus na noiġriġiḃ na rioġaċda noċ do ġeall sé don druing ġráḋuiġeas é?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Séamas 2:5
54 Iomraidhean Croise  

atá raḋarc ag dallaiḃ, agus siuḃlann bacaiġ, glantar na loḃair, agus atá éisteaċt ag boḋránaiḃ, aiṫḃeoḋtar na mairḃ, agus atá an soiscéal d’á innsint do na boċtaiḃ.


Annsin adéarfaiḋ an Rí leo‐san ḃéas ar a láiṁ ḋeis, Tigiḋ, a ḋaoine beannuiġṫe lem’ Aṫair, sealḃuiġiḋ an ríoġaċt atá ullṁuiġṫe ’n‐ḃúr gcóṁair ó ḃunú an doṁain:


Is aoiḃinn d’á ḃfuil boċt ’n‐a spioraid, mar is leo‐san ríoġaċt na ḃflaiṫeas.


Agus do ġlaoḋ sé na daoine ċuige arís, agus aduḃairt sé leo, Éistiḋ uile liom‐sa, agus tuigiḋ:


Mar sin do’n té ċruinniġeas stór dó féin, agus naċ ḃfuil saiḋḃreas i nDia aige.


Ná bíoḋ eagla oraiḃ, a ṫréad ḃeag, óir is é toil ḃúr nAṫar an ríoġaċt do ṫaḃairt daoiḃ.


Agus ṫarla go ḃfuair an boċtán bás, agus go rug na h‐aingle leo é go h‐uċt Abraċaim: agus fuair an duine saiḋḃir bás, leis, agus do h‐aḋlacaḋ é.


Aċt aduḃairt Abraċam, A ṁic, cuiṁniġ go ḃfuarais‐se deaġ‐neiṫe le linn do ṡaoġail, fá mar fuair Lasár droċ‐neiṫe: aċt anois atá seisean i sólás, agus atá tusa i bpéin.


agus cuirim ríoġaċt i n‐áiriṫe ḋaoiḃ, fá mar ċuir m’Aṫair i n‐áiriṫe ḋaṁ‐sa,


Annsin, ag taḃairt súl ar a ḋeisceablaiḃ dó, aduḃairt sé, Is aoiḃinn daoiḃ‐se atá boċt: oir is liḃ ríoġaċt Dé.


Ar ċreid aoinneaċ de na h‐uaċtaránaiḃ nó de na Fairisíneaċaiḃ ann?


Agus aduḃairt seisean, A ḃráiṫreaċa agus a aiṫreaċa, éistiḋ, Do ṫaisbeán Dia na Glóire é féin d’ár nAṫair Abraċam, an tráṫ ’n‐a raiḃ sé i Mesopotámia, sarar ċóṁnuiġ sé i gCarrán;


is oiḋrí sinn, leis, agus is cóṁ‐oiḋrí le Críost sinn: má’s fíor go ḃfulaingmíd i n‐éinḟeaċt leis, ċum go mbéimís páirteaċ leis ’n‐a ġlóir.


aċt mar atá scríoḃṫa, Ní ḟaca súil, agus ní ċuala cluas, Ní ṫáinig isteaċ i gcroiḋe an duine, Na neiṫe do ċuir Dia i n‐áiriṫe do na daoiniḃ go ḃfuil gráḋ aca ḋó.


Óir is ar ḃur son‐sa atá an uile niḋ, ċum go dtéiġiḋ an grása ċum glóire Dé, agus é d’á ṁéadú go mór de ḃárr buiḋeaċais an ṁóráin ṁóir.


mar ḋaoine brónaċa, aċt ag déanaṁ áṫais i gcóṁnaiḋe; mar ḋaoine boċta, aċt ag bronnaḋ saiḋḃris ar a lán; mar ḋaoine naċ ḃfuil rud ar biṫ aca, aċt gur leo gaċ uile rud.


Óir is eol daoiḃ grása ár dTiġearna Íosa Críost, giḋ go raiḃ sé saiḋḃir, gur éiriġ sé boċt ar ḃur son‐sa, ċum go n‐éireoċaḋ siḃ saiḋḃir de ḃarr a ḃoċtaine‐sean.


ċum go soillseoċar súilí ḃur gcroiḋe, ċum go mbéiḋ a ḟios agaiḃ cad é an dóċas ċum a ngoireann sé sinn, saiḋḃreas glóire a oiḋreaċta ins na naoṁaiḃ,


Dáṁ‐sa, atá níos luġa ’ná an té is luġa de na naoṁaiḃ go léir, tugaḋ an grása so, ċum saiḋḃreas do‐ċuarduiġṫe Ċríost do ṡeanmorú do na Cineaḋaċaiḃ;


agus g’á impiḋe oraiḃ siuḃal mar d’oirfeaḋ ḋaoiḃ i ḃfiaḋnaise Dé, do ġlaoḋ ċum a ríoġaċta agus ċum a ġlóire féin siḃ.


Cóṁarṫa ceart‐ḃreiṫeaṁnais Dé is eaḋ é; ionnas go measfaiḋe gur fiú siḃ ríoġaċt Dé, go ḃfuil siḃ ag fulang ar a son:


maiṫeas do ċleaċtaḋ, ḃeiṫ saiḋḃir i ndeaġ‐ġníoṁarṫaiḃ, ḃeiṫ fial, fairsing;


Saorfaiḋ an Tiġearna ó gaċ droċ‐obair mé, agus béarfaiḋ sé slán mé ċum a ríoġaċta neaṁḋa: dó‐san go raiḃ an ġlóir go saoġal na saoġal! Amen.


ó’n am so amaċ is í coróin na fíréantaċta atá i ndán dom, coróin ḃéarfas an Tiġearna, breiṫeaṁ fíréan, dom san ló úd, agus ní daṁ‐sa aṁáin, aċt do na daoiniḃ go léir gur geal leo a ṫeaċt.


g‐á ṁeas gur mó dob’ ḟearr masla Ċríost mar ṡaiḋḃreas ’ná seoda na hÉigipte: óir do ḃí sé ag súil leis an luaċ saoṫair.


Is aoiḃinn do’n té ṡeasuiġeas caṫuiġṫe go foiġdeaċ: óir tar éis a ḟróṁṫa ġeoḃaiḋ sé coróin na beaṫaḋ, atá geallta ag an Tiġearna do na daoiniḃ ġráḋuiġeas é.


Ná bíoḋ aon ṁearḃall oraiḃ, a ḃráiṫre ionṁaine.


Is eol daoiḃ an méid sin, a ḃráiṫre ionṁaine, aċt bíoḋ gaċ duine luaṫ ċum éisteaċta, mall ċum laḃarṫa, mall ċum feirge.


Déanaḋ an bráṫair uiríseal bród toisc é ḃeiṫ d’á árdú, agus déanaḋ an fear saiḋḃir bród toisc gur ísliġtear é:


ċum oiḋreaċta neaṁ‐ṫruailliġṫe, gan smál, naċ dtéiġeann i n‐éag, atá i n‐áiriṫe ins na flaiṫeasaiḃ daoiḃ‐se,


óir is mar sin do‐ḃéarfar daoiḃ sliġe ḟairsing isteaċ i ríoġaċt ár dTiġearna agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost.


Is eol dom t’anró, agus do ḃoċtaine (aċt atáir saiḋḃir), agus maslú an dreama adeir gur Iúdaiġ iad, agus naċ eaḋ, aċt gur sionagóg Ṡátain iad.


An té ḃeireas buaiḋ, béiḋ sé ’n‐a oiḋre ar na neiṫiḃ seo: agus béiḋead mar Ḋia aige, agus béiḋ seisean mar ṁac agam‐sa.


cóṁairliġim duit ór do h‐aṫ‐ḃruiṫneaḋ i dteiniḋ do ċeannaċ uaim‐se, ċum go mbéiḋ tú saiḋḃir, agus éadaiġe geala ċum clúdaċ do ċur ort féin, ċum naċ ḃfeicfear náire do lomnoċtaċta; agus ungaḋ le cuimilt ar do ṡúiliḃ, ċum go ḃfeiciḋ tú.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan