’Seaḋ, agus má doirtṫear mé mar ofráil diġe os cionn íoḋbairte agus seirḃíse ḃur gcreidiṁ, do‐ġním gáirdeaċas, agus do‐ġním bród i n‐éinḟeaċt liḃ‐se go léir:
Óir ṫug siḃ truaġ do na daoiniḃ do ḃí i ngeiṁleaċaiḃ, agus do ġlac siḃ go fonnṁar le creaċaḋ ḃur maoine, agus a ḟios agaiḃ go ḃfuil maoin is fearr ’ná sin ionnaiḃ féin, maoin ṡíorḃuan.
Is aoiḃinn do’n té ṡeasuiġeas caṫuiġṫe go foiġdeaċ: óir tar éis a ḟróṁṫa ġeoḃaiḋ sé coróin na beaṫaḋ, atá geallta ag an Tiġearna do na daoiniḃ ġráḋuiġeas é.
Féaċ, measaimíd gur ab aoiḃinn do na daoiniḃ d’ḟulaing go foiġdeaċ. Do ċualaḃar i dtaoḃ foiḋne lóib, agus do ċonnacaḃar an ċríoċ do ċuir an Tiġearna air; óir atá an Tiġearna lán de ṫruaiġ agus de ṫrócaire.
Ná bíoḋ aon eagla ort roiṁ an méid atá le fulang agat: féaċ, atá an diaḃal ar tí cuid agaiḃ do ċaiṫeaṁ isteaċ i bpríosún ċum froṁaḋ do ḋéanaṁ oraiḃ; agus béiḋ siḃ fá anró ar feaḋ deiċ lá. Bí‐se dílis go bás, agus do‐ḃéarfad‐sa coróin na beaṫaḋ ḋuit.