Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ naċ sealḃóċaiḋ luċt éagcóra ríoġaċt Dé? Ná mealltar siḃ: ní ḃfaiġiḋ luċt striapaċais, ná luċt íoḋal‐aḋarṫa, ná luċt aḋaltrannais, ná luċt macnais, ná sodamaiġ, ná gadaiḋṫe,
D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre ionṁaine, mar ḃí siḃ uṁal i gcóṁnaiḋe, ní h‐é aṁáin im’ láṫair‐se, aċt go mórṁór ar mbeiṫ as láṫair dom, saoṫruiġiḋ amaċ ḃur slánuġaḋ féin le h‐eagla agus le crioṫnú;
Seaċnaiḋ an meallfaḋ aoinneaċ le n‐a ḟeallsaṁnaċt agus le n‐a ḃaoṫ‐ṫeagasc siḃ, do réir béaloidis daoine, do réir dúla an doṁain, agus ní do réir Ċríost:
Éistiḋ, a ḃráiṫre ionṁaine, nár ṫóg Dia boċta an tsaoġail ċum ḃeiṫ saiḋḃir fá ċreideaṁ agus ċum ḃeiṫ ’n‐a oiḋriḃ de’n ríoġaċt atá geallta aige do na daoiniḃ ġráḋuiġeas é?
Ná cáiniḋ a ċéile, a ḃráiṫre. An té ċáineas a ḃráṫair, nó do‐ḃeir breiṫ ar a ḃráṫair, cáineann sé an dliġe agus do‐ḃeir sé breiṫ ar an dliġe: aċt má ḃeireann tú breiṫ ar an dliġe, ní duine uṁluiġeas do’n dliġe ṫú, aċt is breiṫeaṁ ṫú.
Aċt ṫar gaċ niḋ, a ḃráiṫre, ná taḃraiḋ mionn ar biṫ, ag dearḃú ar neaṁ, nó ar ṫalaṁ, nó ar aon niḋ eile: aċt abraiḋ, Is eaḋ, aṁáin, nó, Ní h‐eaḋ, le fíre, gan tuilleaḋ do ráḋ, ar eagla go dtuitfeaḋ siḃ fá ḃreiṫeaṁnas.