Má ċlúduiġeann Dia ar an gcuma sin féar an ḃáin, atá ann indiu, agus caiṫtear isteaċ san tsorn i mbáraċ, naċ mó go mór ċlúdóċas sé siḃ‐se, a luċt an ċreidiṁ ḃig?
Go fírinneaċ measaim gur cailleaṁain gaċ uile niḋ ar aon eolais ṡár‐luaċṁair Íosa Críost mo Ṫiġearna: gur ḟulaingeas díṫ gaċ uile niḋ ar a ṡon, agus ní ḟuil de ṁeas agam orṫa aċt mar ḃéaḋ agam ar aoileaċ, ċum go ngnóṫóċainn Críost,
Órduiġ do na daoiniḃ go ḃfuil saiḋḃreas aca san tsaoġal so gan ḃeiṫ árd‐aigeantaċ, gan a muiniġin do ċur as an saiḋḃreas so‐ġluaiseaċta, aċt as Dia do‐ḃeir gaċ niḋ go fial dúinn ċum ár sástaċta: