naċ mó go mór ḋéanfas fuil Ċríost, an té d’íoḋbair é féin gan smál do Ḋia, tríd an Spiorad síorraiḋe, ḃur gcoinsias do ġlanaḋ ó ġníoṁarṫaiḃ marḃa ċum seirḃís do ḋéanaṁ do’n Dia síorraiḋe?
Óir nuair do ḃí an uile aiṫne fógarṫa ag Maois do’n ṗobal do réir an dliġe, do ġlac sé cuid d’ḟuil na laoġ agus na ngaḃar i n‐éinḟeaċt le h‐uisce, agus le h‐olainn ċraoraiġ, agus le h‐iosóip, agus do ċroiṫ sé ar an leaḃar féin,