Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Neaḃruiḋeaċ 9:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 naċ mó go mór ḋéanfas fuil Ċríost, an té d’íoḋbair é féin gan smál do Ḋia, tríd an Spiorad síorraiḋe, ḃur gcoinsias do ġlanaḋ ó ġníoṁarṫaiḃ marḃa ċum seirḃís do ḋéanaṁ do’n Dia síorraiḋe?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 A né náċ ro ṁó ná sin ḋéunas fuil Ċríosd, noċ do ḟoráil é féin gan ċáiḋe do Ḋía trés an Sbiorúid ṡíorruiḋe, ḃur ccoinnsíassa ġlanaḋ ó oibreaċuiḃ marḃa ċum seirḃíse do ḋéunaṁ don Día ḃeó?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Neaḃruiḋeaċ 9:14
76 Iomraidhean Croise  

Aċt má’s le Spiorad Dé ċaiṫim‐se na deaṁain amaċ, is léir go ḃfuil ríoġaċt Dé tagṫa ċugaiḃ.


Agus d’ḟreagair Síomón Peadar, agus aduḃairt, Is tú an Críost, Mac Dé ḃí.


ar ċuma Ṁic an Duine naċ dtáinig ċum go ndéanfaiḋe frioṫáileaṁ air, aċt ċum go ndéanfaḋ seisean frioṫáileaṁ, agus ċum a anam do ṫaḃairt i n‐éiric móráin.


D’á ḃriġ sin, má’s eol daoiḃ‐se, atá go h‐olc, cionnas deaġ‐ḃronntanais do ṫaḃairt d’ḃúr gclainn, naċ dóċaiġe go mór go dtiuḃraiḋ ḃúr nAṫair atá ar neaṁ deaġ‐ḃronntanais dóiḃ‐sean iarrfas air iad?


Go dtiuḃraḋ sé ḋúinn go saorfaiḋe sinn ó láiṁ ár náṁad Ċum go ndéanfaimís seirḃís gan eagla ḋó


Breaṫnuiġiḋ na fiaċa duḃa; ní ċuireann siad síol, agus ní ḃaineann siad fóġṁar; agus ní ḟuil taisce ná scioból aca; agus beaṫuiġeann Dia iad: naċ mó go mór is fiú siḃ‐se ’ná na h‐éanlaiṫe!


Aċt má’s mar sin éidiġeas Dia féar an ṁaċaire, atá ann indiu, agus caiṫtear san oiġeann amáraċ; naċ mó go mór éideoċas sé siḃ‐se, a luċt an ċreidiṁ ḃig?


Ata Spiorad an Tiġearna orm, De ḃriġ gur ong sé mé ċum déiġ‐scéala do ċraoḃscaoileaḋ do na boċtaiḃ: Do ċuir sé uaiḋ mé ċum fuascailt d’ḟógairt do na braiġdeánaiḃ, Agus raḋarc do na dallaiḃ, Ċum saoirse do ṫaḃairt dóiḃ‐sean atá brúiġte,


Óir an té do ċuir Dia uaiḋ laḃrann sé briaṫra Dé: óir ní de réir tóṁais ḃronnas Dia an Spiorad.


go dtí an lá ’n‐ar tógaḋ suas é, tar a éis dó aiṫeanta do ṫaḃairt tríd an Spiorad Naoṁ do na h‐abstalaiḃ do ṫoġ sé;


cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasarḋa leis an Spiorad Naoṁ agus le cuṁaċt: gur ġluais sé roiṁe ag déanaṁ deaġ‐ġníoṁ, agus ag leiġeas gaċ duine do ḃí fá smaċt an diaḃail; óir do ḃí Dia leis.


ag liúġaḋ agus g‐á ráḋ, A ḋaoine, créad do b’áil liḃ a leiṫéid sin do ḋéanaṁ? Daoine go ḃfuil an nádúir ċéadna againn agus atá agaiḃ féin, is eaḋ sinne, agus atáimíd ag taḃairt deaġ‐scéala ḋaoiḃ, go gcaiṫfiḋ siḃ iompóḋ ó na neiṫiḃ baoṫa sin ċum Dé ḃí, do ċruṫuiġ neaṁ, agus talaṁ, agus muir, agus a ḃfuil ionnta:


agus ní ḋearna sé deifriḋeaċt ar biṫ idir sinne agus iad‐san ag glanaḋ a gcroiḋe le creideaṁ.


Óir ó cruṫuiġeaḋ an doṁan atá a ṫréiṫe do‐ḟeicsiona, is iad sin a ċuṁaċt síorraiḋe agus a ḋiaḋaċt, tá siad go soiléir le feicsin agus le tuigsin;


do dearḃuiġeaḋ ḃeiṫ ’n‐a Ṁac do Ḋia le cuṁaċt do réir spioraid na naoṁṫaċta, tré aiséirġe ó na marḃaiḃ; Íosa Críost ár dTiġearna,


Agus má’s saiḋḃreas do’n tsaoġal a dtuitim‐sean ar gcúl, agus má’s é saiḋḃreas na gCineaḋaċ a laġdú‐san, naċ móide go mór é a dteaċt i gcríċ?


Óir má gearraḋ ṫú d’ola‐ċrann atá fiaḋain de réir dúṫċais, agus má nóduiġeaḋ ṫú, i n‐aġaiḋ dúṫċais, i n‐ola‐ċrann maiṫ; naċ mó ’ná sin go mór nódóċar iad‐san, géaga dúṫċasaċa, ’n‐a n‐ola‐ċrann féin?


agus ná taḃraiḋ ḃur mbaill beaṫaḋ mar ġléiseanna éagcóra; aċt taḃraiḋ siḃ féin do Ḋia mar ḋaoine atá beo ó na marḃaiḃ, agus taḃraiḋ ḃur mbaill beaṫaḋ mar ġléiseanna fíréantaċta do Ḋia.


Aċt anois, ar mbeiṫ fuascailte ó ṗeacaḋ ḋaoiḃ, agus siḃ ’n‐ḃur seirḃíseaċaiḃ do Ḋia, atá toraḋ ḃur saoṫair agaiḃ ċum naoṁṫaċta, agus is í an ḃeaṫa ṡíorraiḋe an deireaḋ béas air.


Mar atá scríoḃṫa, An ċéad duine, Áḋaṁ, ba anam beo é go dtugaḋ an ḃeaṫa ḋó; an tÁḋaṁ deireannaċ, is é do‐ḃeir an ḃeaṫa uaiḋ.


Óir ṫug sé airsean, do ḃí gan eolas ar an bpeacaḋ, ṫug sé air ḃeiṫ ’n‐a ṗeacaḋ ar ár son, ċum go ndéanfaiḋe fíréantaċt Dé ḋínne ann.


Agus cia an cóiṁċeangal atá idir teampall Dé agus íoḋla? óir is sinne teampall Dé ḃí; mar aduḃairt Dia, Déanfad cóṁnaiḋe ’n‐a measc, agus siuḃalfad ’n‐a measc; béiḋead‐sa im’ Ḋia aca, agus béiḋid‐sean ’n‐a bpobal agam‐sa.


Óir is tríd an dliġe d’éagas do’n dliġe, ċum go mairfinn beo do Ḋia.


nuair ḃíomar marḃ de ḋeascaiḃ ár gcionnta, do ḃeoḋuiġ sé i n‐éinḟeaċt le Críost sinn (is tré ġrása do slánuiġeaḋ siḃ), agus do ṫóg sé suas sinn i n‐éinḟeaċt leis,


agus siuḃlaiḋ i ngráḋ, fá mar ġráḋuiġ Críost siḃ‐se, agus ṫug é féin ar ár son, ’n‐a ṫoirbirt agus ’n‐a íoḋbairt ḋeaġ‐ċuṁra do Ḋia.


Óir do‐ḃeir siad féin tuairisc ’n‐ár dtaoḃ, cionnas mar ċuaḋamar isteaċ ċugaiḃ; agus cionnas mar ṫionntuiġeaḃar ó íoḋalaiḃ ċum seirḃís do ḋéanaṁ do’n Dia beo, fíor,


Anois do’n Riġ síorraiḋe, do‐ṁarḃṫa, do‐ḟeicsiona, do’n Aon‐Dia, go raiḃ onóir agus glóir go saoġal na saoġal. Amen.


aċt má ġním moill, ċum go dtuigiḋ tú cionnas ba ċeart duit ṫú féin d’iomċar i dteaġlaċ Dé, is é sin eaglaif Dé ḃí, colaṁan agus crann cosanta na fírinne.


ṫug é féin ar ár son, ċum sinn d’ḟuascailt ó gaċ peacaḋ, agus pobal do ġlanaḋ ḋó féin, pobal díoġraiseaċ ċum deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ.


Is é lonnraḋ a ġlóire é, agus is é cló a nádúire é, is é congḃuiġeas gaċ uile niḋ le ċéile le briaṫar a ċuṁaċta; nuair do ḃí na peacaiḋe glanta aige, do ṡuiḋ sé síos ar ḋeas‐láiṁ na Mórḋaċta i n‐áirde;


De ḃárr na tola sin is eaḋ atáimíd‐ne d’ár naoṁú tré íoḋbairt ċuirp Ċríost an t‐aon uair go deo.


naċ ḃféadann peacaiḋe do ġlanaḋ: aċt an té seo, tar a éis dó aon íoḋbairt aṁáin d’ofráil ar son na bpeacaiḋe go deo, is aṁlaiḋ do ṡuiḋ sé síos ar ḋeas‐láiṁ Dé;


Óir, san gcás sin, naċ gcuirfiḋe deireaḋ ċoiḋċe le h‐ofráil na n‐íoḋbairt úd, toisc, ar mbeiṫ glanta, an t‐aon uair aṁáin, do’n luċt aḋarṫa, naċ mbéaḋ a bpeacaiḋe ar a gcoinsias aca ní ba ṁó?


druidimís i ḃfoigseaċt dó, le fírinne croiḋe, agus an creideaṁ daingniġṫe ’n‐ár n‐aigne, agus ár gcroiḋeaċa glanta ó ḋroċ‐ċoinsias, agus ár gcorp niġte le fíor‐uisce:


Tré ċreideaṁ Iácób, ag fáġáil ḃáis dó, do ḃeannuiġ sé beirt ċlann‐ṁac Ṡeosaiṁ; agus do rinne sé aḋraḋ, ag cromaḋ ar ḃárr a ḃata.


Ar an aḋḃar sin d’ḟulaing Íosa, leis, taoḃ amuiġ de’n ġeata, ċum go naoṁóċaḋ sé an pobal le n‐a ḟuil féin.


Taḃraiḋ aire, a ḃráiṫre, ar eagla go mbéaḋ droċ‐ċroiḋe dí‐ċreidṁeaċ am ar biṫ i n‐aon duine agaiḃ, go dtréigfeaḋ siḃ an Dia beo:


Uime sin fágaimís céad‐riaġlaċa bun‐teagaisc Ċríost ’n‐ár ndiaiḋ, agus téiġmís ar aġaiḋ ċum lán‐ḟoirḃṫeaċta; gan ḃeiṫ arís ag leagaḋ buin aiṫreaċais ó ġníoṁarṫaiḃ marḃa, agus creidiṁ i nDia,


do rinneaḋ, níorḃ é do réir dliġe aiṫne saoġalta, aċt do réir cuṁaċta beaṫaḋ síor‐ḃuaine:


agus é níos áirde ’ná na flaiṫis: naċ gáḃaḋ ḋó, ar nós na n‐árd‐ṡagart úd, íoḋbarṫa d’ofráil go laeṫeaṁail, ar son a ṗeacaiḋe féin ar dtús, agus ar son peacaiḋe an ṗobail ’n‐a ḋiaiḋ sin: óir do rinne sé an t‐aon uair aṁáin é, d’á ofráil féin mar íoḋbairt.


ní tré ḟuil gaḃar agus laoġ, áċt tré n‐a ḟuil féin, do ċuaiḋ sé isteaċ san naoṁ‐áit an t‐aon uair aṁáin, agus do ġnóṫuiġ sé fuasclaḋ síorraiḋe.


san gcás sin dob’ éigean dó fulang go minic ó cuireaḋ an doṁan ar suiḋeaċan: aċt anois, an t‐aon uair aṁáin, i ndeireaḋ na n‐aois do foillsiġeaḋ é ċum deireaḋ do ċur leis an bpeacaḋ, g‐á íoḋbairt féin.


aċt san dara tabernacal ní ṫéiġeann isteaċ aċt an t‐árd‐ṡagart ’n‐a aonar, uair san ḃliaḋain, ní gan fuil ofrálas sé ar a ṡon féin agus ar son peacaiḋe an ṗobail.


Saṁlaoid de’n aimsir atá ann fá láṫair is eaḋ é: is ann ofráltar taḃartaisí agus íoḋbarṫa naċ ḃféadann coinsias an aḋraṫóra do ḋéanaṁ saor ó loċt;


aċt le fuil luaċṁair, mar ḟuil uain gan loċt, gan smál, fuil Ċríost:


Ní ḋearna sé peacaḋ ariaṁ, agus ní fríṫ cealg ’n‐a ḃéal.


an té d’iomċair ár bpeacaiḋe ’n‐a ċorp féin ar an gcrann, ċum, ar mbeiṫ ḋúinn marḃ do’n ṗeacaḋ, go mairfimís do’n ḟíréantaċt; agus do leiġeasaḋ siḃ le n‐a ċneaḋaiḃ.


Óir d’ḟulaing Críost féin, aon uair aṁáin, ar son na bpeacaiḋe, an fíréan i n‐éiric na neiṁḟíréan, ċum sinn do ṫaḃairt ċum Dé; d’á ċur ċum báis san ḃfeoil, aċt d’á ḃeoḋaḋ san spiorad;


ċum naċ gcaiṫfeaḋ sé a ṡaoġal ’n‐a ḋiaiḋ sin do réir ainṁianta na ndaoine, aċt do réir tola Dé.


aċt má ṡiuḃlaimíd san tsolas fá mar tá seisean san tsolas, atá cumann againn le ċéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Ṁac ó gaċ peacaḋ sinn.


Agus is eol daoiḃ gur foillsiġeaḋ é ċum peacaḋ do ċur ar ceal; agus ní ḟuil peacaḋ ar biṫ ann féin.


agus ó Íosa Críost, an fiaḋnaiḋe fírinneaċ, an ċéid‐ġein ó na marḃaiḃ, agus árd‐rí riġṫe na talṁan. Do’n té ġráḋuiġeas sinn, agus do scaoil ó n‐ár bpeacaiḋiḃ le n‐a ḟuil féin sinn;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan