Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Neaḃruiḋeaċ 9:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Aċt, iar dteaċt do Ċríost mar árd‐ṡagart na n‐aoiḃneas atá le teaċt, tré ṫabernacal is mó agus is iomláine, naċ ndearnaḋ le láṁaiḃ, is é sin naċ de’n tsaoġal so,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Aċd ar dteaċd do Ċríosd na árdṡagart na neiṫeann maiṫ do ḃí ċum teaċda, tré ṫabearnácail bá mó agus bá diongṁálta, náċ dearnaḋ ré láṁuiḃ, ionann sin ré raḋ agus, naċ don nobairse;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Neaḃruiḋeaċ 9:11
30 Iomraidhean Croise  

g‐á ḟiafraiġe ḋe, An tusa an té atá le teaċt, nó an gcaiṫfimíd feiṫeaṁ le duine éigin eile?


Agus tusa, a Ḃeiṫil, a ṫalaṁ Iúda, Ní tusa is luġa ar ċeann‐ṗortaiḃ Iúda, Óir is asat ṫiocfas an taoiseaċ, Ḋéanfas aoḋaireaċt ar Israel, mo ṗobal.


Do‐ċualamar‐ne é ’g‐a ráḋ, Leagfad‐sa an teampall so do rinneaḋ le láṁaiḃ daoine, agus i gcionn trí lá tógfad teampall eile gan a ḃeiṫ déanta le láṁaiḃ.


Agus do‐rinneaḋ colann de’n Ḃriaṫar, agus do ċóṁnuiġ sé ’n‐ár measc (agus do ċonnacamar a ġlóir, aṁail glóir Aon‐Ṁic an Aṫar), lán de ġrás agus d’ḟírinne.


Aduḃairt an ḃean leis, Atá a ḟios agam go ḃfuil an Messias ag teaċt (an té ar a dtugtar Críost): nuair ṫiocfas seisean, inneosaiḋ sé gaċ uile niḋ ḋúinn.


Ní i dtiġ do rinneaḋ le láṁaiḃ, áṁ, ċóṁnuiġeas an Té is Áirde; mar adeir an fáiḋ,


gan ár súile ḃeiṫ ar na neiṫiḃ so‐ḟeicsiona, aċt ar na neiṫiḃ do‐ḟeicsiona: óir ní ṫugann na neiṫe so‐ḟeicsiona aċt seal, aċt is síor‐ḃuan iad na neiṫe do‐ḟeicsiona.


Óir is eol dúinn, má scriostar an pailliún so ’n‐a gcóṁnuiġmíd ar talaṁ, go ḃfuil áitreaḃ ó Ḋia againn, teaċ naċ ndearnaḋ le láṁaiḃ, atá síorraiḋe, ins na flaiṫeasaiḃ.


’n‐ár timċeall‐ġearraḋ siḃ le timċeall‐ġearraḋ naċ ndearnaḋ le láṁaiḃ, leis an timċeall‐ġearraḋ atá i gCríost, ag cur cuirp na feola ḋíḃ; ó h‐aḋnaċaḋ siḃ mar aon leis san mbaisteaḋ,


Óir an dliġe, ag a ḃfuil scáil na n‐aoiḃneas atá le teaċt, ní h‐í íoṁáiġ ḟíor na neiṫe féin, ní ḟéadann sé na daoine ṫig i ḃfogas d’ḟoirḃiú leis na h‐íoḋbarṫaiḃ ofráltar de ġnáṫ ó ḃliaḋain go bliaḋain.


Agus an focal, Aon uair aṁáin, cialluiġeann sé aistriú na neiṫe úd atá so‐ċorruiġṫe, mar atá neiṫe do cruṫuiġeaḋ, ċum go ḃfanfaḋ na neiṫe atá do‐ċorruiġṫe ’n‐a gcóṁnaiḋe.


Óir ní caṫair ċóṁnuiġṫeaċ atá againn annso, aċt is aṁlaiḋ atáimíd ag tnúṫ le caṫair atá le teaċt.


Ar an aḋḃar sin ba ċóir go ndéanfaiḋe é cosṁail ar gaċ sliġe le n‐a ḃráiṫriḃ, ċum go mbéaḋ sé ’n‐a árd‐ṡagart trócaireaċ, ionnraic ins na neiṫiḃ ḃaineas le Dia, ċum cúiteaṁ do ḋéanaṁ as peacaiḋiḃ an ṗobail.


Uime sin, a ḃráiṫre naoṁṫa, a rannṗáirtiḋṫe san ngairm neaṁḋa, breaṫnuiġiḋ Abstal agus Árd‐Ṡagart an ċreidiṁ adṁuiġmíd, Íosa Críost;


Óir ní ḟuil árd‐ṡagart againne naċ ḃféadann cóṁḟulang le n‐ár laige; aċt is aṁlaiḋ do cuireaḋ airsean ar cuireaḋ de ċaṫuiġṫiḃ ariaṁ orainne, aċt aṁáin gan peacaḋ do ḋéanaṁ.


Óir an Melcisedec so, rí Ṡálem, sagart an Dé is áirde, do ṫeagṁuiġ sé le hAbraċaim ag filleaḋ ar ais dó ó ár na ríoġ,


Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn ċum an té atá fírinneaċ d’aiṫint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneaċ, ’n‐a Ṁac Íosa Críost.


Óir atá a lán mealltóir imṫiġṫe amaċ san tsaoġal, naċ n‐adṁuiġeann Íosa Críost ṫáinig san gcolainn. Atá a leiṫéid seo ’n‐a ṁealltóir agus ’n‐a ainċríost.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan