Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Neaḃruiḋeaċ 7:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 aċt an té naċ n‐áirṁṫear mar ḋuine d’á ġeinealaċ, do ġlac sé deaċṁaiṫe ó Abraċam, agus do ḃeannuiġ sé an té go raiḃ na geallaṁnaċa aige.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Aċd an tí naċ áirṁiġṫear a ḃeiṫ déinċineaḋ ríusan do ġlac sé deaċṁuiġ ó Abraham, agus do ḃeannuiġ sé an tí agá raḃadar na geallaṁnaċa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Neaḃruiḋeaċ 7:6
16 Iomraidhean Croise  

Is siḃ‐se clann na ḃfáiḋ, agus clann an ċonnarṫa do‐rinne Dia le n‐ḃúr sinnsearaiḃ, g‐á ráḋ le h‐Abraċam, Id’ ṡlioċt‐sa beannóċar clanna an doṁain go léir.


Óir níor ṫríd an dliġe tugaḋ an ġeallaṁain d’Abraċam, nó d’ á ṡlioċt, go mbéaḋ sé ’n‐a oiḋre ar an doṁan, aċt tré ḟíréantaċt an ċreidiṁ.


Israelítiġ, gur leo an uċtcaċt, agus an ġlóir, agus na connarṫa, agus an dliġe, agus aḋraḋ Dé, agus na geallaṁnaċa;


Anois is d’Abraċam agus d’á ṡlioċt tugaḋ na geallaṁnaċa. Ní abrann sé, Agus do ṡlioċtaiḃ, mar ḃéaḋ mórán ann; aċt gan aċt slioċt aṁáin ḃeiṫ ann. Agus dod’ ṡlioċt, is é sin Críost.


Fuaradar‐san uile bás san gcreideaṁ, gan a raiḃ geallta ḋóiḃ d’ḟáġáil, aċt do ċonnacadar i ḃfad uaṫa iad, agus d’ḟáiltiġeadar rómpa, g‐á adṁáil go raḃadar ’n‐a gcoigríoċaċaiḃ agus ’n‐a n‐oiliṫriḃ ar an saoġal.


Tré ċreideaṁ Abraċam, nuair rinne Dia froṁaḋ air, d’íoḋbair sé Íosóg; an té fuair a raiḃ geallta, do ḃí sé ag íoḋbairt a aon‐ġeine;


Óir an Melcisedec so, rí Ṡálem, sagart an Dé is áirde, do ṫeagṁuiġ sé le hAbraċaim ag filleaḋ ar ais dó ó ár na ríoġ,


Agus gan ceist ar biṫ is é an té is luġá beannuiġtear ó’n té is mó.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan