Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Neaḃruiḋeaċ 7:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 D’á ḃriġ sin atá ar ċumas dó na daoine ṫig ċum Dé tríd do ṡlánú ar fad, de ḃriġ go maireann sé beo i gcóṁnaiḋe ċum eadarġuiḋe do ḋéanaṁ ar a son.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Ionnas gur féidir leis an dream ṫig ċum Dé ṫríd féin do ṡlánuġaḋ go híomlán, ar mbeiṫ ḋó beó go síorruiḋe ċum eadarġuiḋe do ḋéunaṁ ar a son.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Neaḃruiḋeaċ 7:25
44 Iomraidhean Croise  

Agus cibé niḋ iarrfas siḃ im’ ainm‐se, déanfad é, ċum go nglóireoċar an t‐Aṫair san Mac.


Agus cuirfead‐sa aṫċuinġe ar an Aṫair, agus do‐ḃéarfaiḋ sé Sólásaiḋe eile ḋaoiḃ ċum ḃeiṫ ’n‐ḃúr ḃfoċair go deoiḋ, Spiorad na fírinne:


Aduḃairt Íosa leis, Is mise an tsliġe, agus an ḟírinne, agus an ḃeaṫa: ní ṫig aoinneaċ ċum an Aṫar aċt aṁáin tríom‐sa.


Óir, má rinneaḋ réiḋteaċ idir sinn agus Dia tré ḃás a Ṁic, an tráṫ ’n‐a raḃamar ’n‐ár náiṁdiḃ, is móide an fáṫ, ar mbeiṫ do’n réiḋteaċ sin déanta, go slánóċar sinn tré n‐a ḃeaṫaiḋ.


tré n‐a ḃfuaramar, leis, sliġe tré ċreideaṁ ċum an ġrása so ’n‐a ḃfuil ár seasaṁ, agus atá gáirdeaċas orainn ag súil le glóir Dé.


Fuair Críost bás, nó, dob ḟearr a ráḋ, d’aiséiriġ sé, agus atá sé ar ḋeasláiṁ Dé, agus do‐ġní sé eadarġuiḋe ar ár son.


Óir ó ṫárla, tré eagna Dé, nár aiṫniġ an saoġal Dia de ċionn a eagnaiḋeaċta, ba toil le Dia na daoine ċreideas do ṡlánú tré ḋíṫ‐céille na teaċtaireaċta.


óir atá ár sliġe ċum an Aṫar againn araon, i n‐aon Spiorad aṁáin, tríd‐sean.


tré n‐a ḃfuil dánaiḋeaċt agus sliġe againn ċum teaċt ċuige de ḃarr ár gcreidiṁ ann.


Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó i ḃfad níos mó do ḋéanaṁ ’ná ṫig linn a iarraiḋ nó a ṡaṁlú, do réir na cuṁaċta atá ag oibriú ionainn,


an té ċuirfeas malairt croṫa ar ċorp so ár h‐uṁlaiḋeaċta, ċum go ndéanfar cosṁail é le n‐a ċorp glórṁar féin, do réir an ċumais atá aige ċum gaċ uile niḋ do ṫaḃairt fá n‐a ċeannas féin.


Óir ní ḟuil ann aċt an t‐aon Dia aṁáin, agus an t‐aon idir‐ṁeaḋóntóir aṁáin idir Dia agus daoine, mar atá an duine Íosa Críost,


Is ar an aḋḃar sin atáim ag fulang na neiṫe seo: aċt ní ḟuil aon náire orm; óir atá a ḟios agam cia ann ar ċreideas, agus atáim cinnte ḋe go ḃfuil ar ċumas dó a ḃfuil curṫa fá n‐a ċúram agam do ċoiṁeád fá ċóṁair an lae úd.


agus gan creideaṁ ní féidir taiṫneaṁ leis: óir an té ṫig ċum Dé, ní foláir dó a ċreideaṁain go ḃfuil sé ann, agus go dtugann sé luaċ a saoṫair do na daoiniḃ loirgeas é.


Uime sin ofráilimís íoḋbairt aḋṁolta do Ḋia i gcóṁnaiḋe, is é sin toraḋ ár mbeola adṁuiġeas a ainm.


Óir do réir mar ḟulaing sé féin caṫuiġṫe, is eaḋ is fearr ḟéadann sé fóiriṫin ar na daoiniḃ go gcurtar caṫuiġṫe orṫa.


Aċt ċímíd Íosa, do rinneaḋ níb’ ísle ’ná na h‐aingle ar feaḋ tamaill ḃig, ċímíd i gcoróin na glóire agus na h‐onóra é, toisc an bás d’ḟulang, ċum, tré ġrása Dé, go mblaisfeaḋ sé bás ar son gaċ uile ḋuine.


Is eisean, i laeṫiḃ a ḟeola, tar éis urnaiġṫe agus aṫċuingṫe d’ofráil, le h‐árd‐ġol agus le deoraiḃ ċum an té go raiḃ ar ċumas dó a ṡaoraḋ ó’n mbás, agus gur h‐éisteaḋ leis as uċt a naoṁ‐eagla,


do rinneaḋ, níorḃ é do réir dliġe aiṫne saoġalta, aċt do réir cuṁaċta beaṫaḋ síor‐ḃuaine:


gan tairḃe (óir níor ċuir an dliġe éinniḋ i gcríċ), agus atá dóċas is fearr ’ná í, tré n‐a ndruidimíd i ngiorraċt do Ḋia, d’á ṫaḃairt isteaċ.


aċt de ḃriġ go maireann seisean go síorraiḋe, atá sagartaċt síor‐ḃuan aige.


Agus annso do‐ġeiḃ daoine so‐ṁarḃṫa deaċṁaiṫe; aċt annsúd an té do‐ġeiḃ iad, tugtar fiaḋnaise ’n‐a ṫaoḃ go maireann sé.


Óir ní isteaċ i n‐áit naoṁṫa do rinneaḋ le láṁaiḃ do ċuaiḋ Críost, áit naċ ḃfuil aċt ’n‐a ṡompla de’n naoṁ‐áit ḟírinniġ; aċt isteaċ ins na flaiṫeasaiḃ féin, ċum go ḃfaiġfiḋe é anois i láṫair Dé ar ár son‐sa:


Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó ḃur gcongḃáil slán ó ṫuisleaḋ, agus ḃur gcur i láṫair a ġlóire gan smál,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan